Cás-Staidéir Léirscriosadh

 

An Ceart go nDéanfaí Ligean i nDearmad (Microsoft)

Bhain an gearán le míshástacht an duine aonair leis an bhfreagra a thug an Rialaitheoir Sonraí (cuideachta ilnáisiúnta teicneolaíochta) ar an iarraidh a rinne sé go ndéanfaí ligean i ndearmad de bhun Airteagal 17 GDPR. D’iarr an duine aonair go ndíliostófaí seacht n-aimsitheoir aonfhoirmeacha acmhainne (URL) a tugadh mar thorthaí nuair a cuardaíodh ainm an duine aonair ar inneall cuardaigh an Rialaitheora Sonraí. Luaigh an duine aonair go raibh a uimhir Chéannachta Náisiúnta ar áireamh sna URLanna a tugadh mar thorthaí agus bhí imní air go mbeadh sé i mbaol méadaithe goid chéannachta mar gheall ar an bhfáil a bhí ar an uimhir sin.

D’aontaigh an duine aonair agus an Rialaitheoir Sonraí araon go n-oibreodh siad leis an gCoimisiún chun féachaint leis an ní a réiteach go cairdiúil . Dhiúltaigh an Rialaitheoir Sonraí don iarraidh díliostaithe ar dtús, á rá go raibh sna URLanna faisnéis a raibh ábharthacht phoiblí ag baint léi agus go raibh an fhaisnéis foilsithe bhfeasachán oifigiúil ó chomhlacht rialtais, mar atá Rialtas na Spáinne . Rinne an Coimisiún teagmháil le hÚdarás Cosanta Sonraí na Spáinne i ndáil leis an bhfaisnéis a bhí foilsithe sna URLanna . Luaigh Údarás Cosanta Sonraí na Spáinne gur tharla sé, mar thoradh ar GDPR a thabhairt isteach, gur athraíodh dlí Cosanta Sonraí na Spáinne agus nach gceadaítear don Rialtas a thuilleadh uimhir iomlán Chéannachta Náisiúnta aon saoránach a nochtadh in aice lena gcéadainm ná lena sloinne agus gníomhartha riaracháin á bpoibliú aige . Tar éis soiléiriú a fháil ó Údarás Cosanta Sonraí na Spáinne, chuir an Coimisiún an Ri- alaitheoir Sonraí ar an eolas faoin athrú i ndlí Cosanta Sonraí na Spáinne . Bunaithe ar an athrú sin, dúirt an Rialaitheoir Sonraí go ndíliostódh sé na URLanna uile de bhun Airteagal 17 GDPR chun nach dtabharfadh siad aon torthaí nuair a chuardaítear ainm an duine aonair. Léirítear sa chás seo a thábhachtaí atá sé cumarsáid a dhéanamh le húdaráis mhaoirseachta eile le linn an phróisis réitigh chairdiúil . Sna himthosca seo, tugadh soiléiriú don Choimisiún maidir leis an dóigh ar athraigh an Spáinn a reachtaíocht náisiúnta ar mhaithe le GDPR a chomhlíonadh . Thug sé sin deis don Rialaitheoir Sonraí a nós imeachta reatha a oiriúnú freisin chun a chinntiú gur de réir na reachtaíochta náisiúnta nuashonraithe a láim- hseálfaí gach iarraidh a bhaineann le díliostú a dhéanamh ar URLanna ina bhfuil uimhreacha iomlána Céannachta Náisiúnta .