Cás-Staidéir Léirscriosadh
An Ceart go nDéanfaí Ligean i nDearmad (Microsoft)
Bhain an gearán le míshástacht an duine aonair leis an bhfreagra a thug an Rialaitheoir Sonraí (cuideachta ilnáisiúnta teicneolaíochta) ar an iarraidh a rinne sé go ndéanfaí ligean i ndearmad de bhun Airteagal 17 GDPR. D’iarr an duine aonair go ndíliostófaí seacht n-aimsitheoir aonfhoirmeacha acmhainne (URL) a tugadh mar thorthaí nuair a cuardaíodh ainm an duine aonair ar inneall cuardaigh an Rialaitheora Sonraí. Dheimhnigh an Rialaitheoir Sonraí don duine gur díliostáladh na URLanna. Mar sin féin, léirigh cuardach ar ainm an duine aonair, a rinne a n-ionadaí dlíthiúil, gur leanadh de na URLanna a sheoladh ar ais. Rinne an CCS athbhreithniú ar na URLanna nuair a fuair sé an gearán agus dheimhnigh sé go raibh na URLanna fós á gcur ar ais.
Rinne an CCS idirghabháil chun iarracht a dhéanamh an cheist a réiteach go tapa agus go neamhfhoirmiúil . Rinne an CCS comhfhreagras leis an Rialaitheoir Sonraí agus thug sé faoi deara, in ainneoin deimhnithe go raibh na URLanna díliostaithe, lean siad orthu ag filleadh agus ainm an duine á chuardach . Rinne an Rialaitheoir Sonraí imscrúdú breise ar an iarratas agus dheimhnigh sé don CCS go raibh na URLanna díliostaithe anois . Tar éis don CCS tuilleadh imscrúdaithe, cinneadh cé nach raibh na URLanna bunaidh a iarradh le díliostú le feiceáil a thuilleadh, go raibh URL difriúil le feiceáil anois, difriúil ó na URLanna eile, á atreorú chuig an ábhar céanna . Dhílio- staigh an Rialaitheoir Sonraí an URL seo freisin ar iarratas a rinne an CCS thar ceann an duine aonair . Scríobh an CCS chuig an duine aonair agus thug sé breac-chuntas ar ghníomhartha an Rialaitheora Sonraí . Dheimhnigh an CCS go raibh gach ceann de na trí URL díliostaithe ag an Rialai- theoir Sonraí . Léiríonn an cás seo a thábhachtaí atá sé go ndéanfadh Údaráis Mhaoirseachta, sa chás seo an CCS, a gcuid imscrúduithe féin agus a chinntiú go comhlíontar iarratais daoine aonair i gcomhréir leis an GDPR . Is sampla é an méid thuas den chaoi ar ghlac an CCS bearta breise lena chinntiú go bhféadfadh an duine aonair toradh sásúil a bhaint amach go cuimsitheach, seachas a bheith air gearán nua a chur isteach maidir leis an URL nua .