Cás-Staidéir Léirscriosadh

 

An Ceart go nDéanfaí Léirscriosadh agus Ábhar arna Ghiniúint ag Úsáideoirí

Bhain an gearán seo le diúltú a rinne an rialaitheoir sonraí ar dtús géilleadh d’iarratas ar léirscriosadh a rinne an gearánaí, de réir Airteagail 17 GDPR. Thaisc an gearánaí a ghearán ar dtús trí Údarás Cosanta Sonraí na Spáinne, an AEPD, a d’aistrigh an gearán ina dhiaidh sin go dtí an DPC mar Phríomhúdarás Maoirseachta.

Dúirt an gearánaí gur aimníodh é, agus mar sin gur aithníodh é, i léirmheas diúltach ar a ionad oibre . Rinneadh an léirmheas a phostáil ar líne, in éineacht le híomhá pháirteach den ghearánaí . D’iarr an gearánaí go mbainfí a ainm ón léirmheas, chomh maith le haon íomhánna a bhain leis .I rith a rannpháirtíochta leis an DPC maidir leis an gceist, chuir an rialaitheoir sonraí in iúl go ndearna sé athbh- reithniú ar an ábhar a bhí i gceist i gcomhthéacs na treoirlínte príobháideachais atá aige chun ábhar a bhaint ón suíomh gréasáin agus gur mheas sé nár sháraigh an t-ábhar na treoirlínte sin. D’iarr an DPC ar an rialaitheoir sonraí an cheist a ath- bhreithniú arís, ar mhaithe leis an ngearán a réitiú go cairdiúil . Ina dhiaidh sin d’fhill an rialaitheoir sonraí ar ais le cur in iúl gur, tar éis dó athbhreithniú níos faide a dhéanamh ar an ábhar a bhí i gceist, chinn siad an phostáil léirmheasa a bhaint go hiomlán. Léiríonn an cás-staidéar seo na buntáistí atá ann, do ghearánaigh aonair, nuair a dhéanann an DPC idirghabháil tríd an bpróiseas réiteach cairdiúil . Sa chás seo, de bharr na hidirghabhála seo, bhí an gearánaí in ann a cheart go ndéanfaí léirscriosadh ar a shonraí pearsanta a fheidhmiú, mar a thugtar do dhaoine aonair faoi Airteagal 17 den GDPR.