Cás-Staidéir Léirscriosadh
Baint a bheith ag bailitheoir fiach
Rinne ábhar sonraí teagmháil leis an DPC toisc nach raibh sé sásta leis na freagraí a fuarthas i leith iarratas duine ar a shonraí agus i leith iarratas ar scriosadh. Tugadh an cás seo in aghaidh bailitheoir fiach agus chuir an t-ábhar sonraí ábhar imní in iúl faoin mbealach ina bhfuarthas a chuid sonraí pearsanta. Mhínigh an t-ábhar sonraí gur glanadh an fiach ach go raibh sé fós ag fáil litreacha ó bhailitheoir fiach. Tagraíodh sa litir seo do shuim a bhí fós le réiteach i ndáil le tríú páirtí.
Leag an t-ábhar sonraí amach don DPC go ndearnadh a iarratas duine ar a shonraí trí ardán ar líne . Ní bhfuair an t-ábhar sonraí freagra ar a Iarratas ar Rochtain Airteagal 15 ná ar a iarratas ar scriosadh faoi Airteagal 17 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR) . Chuaigh an dá pháirtí i dteagmháil dhíreach lena chéile sula raibh an DPC páirteach . Ina chomhfhreagras leis an ábhar sonraí, mhínigh an bailitheoir fiach go bhfuarthas na sonraí pearsanta ó thríú páirtí . Uaslódáladh na sonraí pearsanta ar a chóras ar líne ina dhiaidh sin agus eisíodh litir chuig an ábhar sonraí .
Mar chuid dá iniúchadh, chuaigh an DPC i dteagmháil leis an mbailitheoir fiach agus d’iarr sé air achoimre a thabhairt ar a chaidreamh leis an tríú páirtí seo . Chuir an bailitheoir fiach in iúl don DPC go raibh sé ag gníomhú mar phróiseálaí sonraí thar ceann an tríú páirtí agus go raibh comhaontú próiseálaí sonraí, i gcomhréir le hAirteagal 28(3) den GDPR, i bhfeidhm ag an tráth a phróiseáil sé na sonraí pearsanta seo. Chuir an bailitheoir fiach in iúl don DPC go raibh deireadh curtha leis an gconradh seo agus nach mbeadh sé ag gníomhú thar ceann an tríú páirtí amach anseo . Ghlac an DPC leis sin agus d’aithin sé an bailitheoir fiach ar an bpróiseálaí sonraí agus an tríú páirtí ar an rialaitheoir sonraí . Luaigh an próiseálaí sonraí gur chun leas an phobail fiacha a bhailiú agus mar sin, go raibh leas dlisteanach aige sonraí pearsanta a phróiseáil i gcás ina bhfuil cuntas ábhair sonraí sannta dó faoin dlí, nó i gcás ina bhfuil sé ag gníomhú faoi chonradh dlí . Luaigh an próiseálaí sonraí go raibh próiseáil shonraí pearsanta an ábhair sonraí riachtanach d’fhonn an fiach a bhailiú agus go gceadaítear é fiú i gcás nach dtugann an t-ábhar sonraí cead i leith na próiseála; arb é is brí leis sin gur bhraith an próiseálaí sonraí ar Airteagail 6(1)(b) agus 6(1)(f) den GDPR chun na sonraí pearsanta a phróiseáil .
Ghlac an próiseálaí sonraí sa chás seo go bhféadfadh sé gur ghlan an t-ábhar sonraí an fiach gan íoc ach luaigh sé nach bhféadfadh sé bheith freagrach má íocann an t-ábhar sonraí an rialaitheoir sonraí go díreach agus nach gcuireann an rialaitheoir sonraí an próiseálaí sonraí ar an eolas chun deireadh a chur leis an bhfiach gan íoc ar a chórais . Tharraing an DPC aird gur chosúil go raibh earráid sa litir a fuair an t-ábhar sonraí . Sa chomhfhreagras seo, thagair an bailitheoir fiach dó féin mar rialaitheoir sonraí. Ghlac an bailitheoir fiach leis an earráid seo agus luaigh sé gur cheart go mbeadh próiseálaí sonraí scríofa, agus gur dearmad ba chúis leis sin nuair a bhí litir teimpléid á húsáid .
Maidir leis an iarratas duine ar a shonraí, mar gheall ar a chaidreamh mar phróiseálaí sonraí, níor thug sé freagra díreach ar iarratas an ábhair sonraí ar a shonraí ach roinn sé é sin leis an tríú páirtí, an rialaitheoir sonraí . Maidir leis an iarratas ar scriosadh, chuir an próiseálaí sonraí in iúl don ábhar sonraí go mbeadh air na sonraí pearsanta a choinneáil ar feadh sé mhí chun críocha cánachais/ airgeadais/iniúchóireachta . Bhí an sé mhí caite sula raibh an DPC páirteach agus dhearbhaigh an próiseálaí sonraí don DPC go raibh na sonraí pearsanta scriosta . Ghabh an próiseálaí sonraí leithscéal leis an ábhar sonraí go díreach agus thairg sé íocaíocht mar chomhartha dea-thola .
Chuir an DPC in iúl don ábhar sonraí faoi alt 109(5)(c) d’Acht 2018 go raibh leas dlisteanach ag an bpróiseálaí sonraí agus an rialaitheoir sonraí fiacha a bhailiú agus sonraí pearsanta a nochtadh chun na fiacha a bhailiú. D’aithin an DPC na hearráidí sa chomhfhreagras a cuireadh ar fáil don ábhar sonraí agus faoi alt109(5)(f) d’Acht 2018, mhol sé go dtabharfadh an próiseálaí sonraí faoi thástáil a dhéanamh ar phróisis eagraíochtúla agus teicniúla go rialta chun comhlíonadh an GDPR a chinntiú d’fhonn cloí le hAirteagal 28 den GDPR .