Cás-Staidéir Margaíocht Dhíreach Leictreonach

 

Margaíocht dhíreach

Tharraing duine aonair fiosrú anuas leis an gCoimisiún maidir leis na cleachtais cumarsáide margaíochta a bhí ar bun ag aerlíne tar éis dó turas a thógáil leis an aerlíne sin. Tháinig an tsaincheist chun cinn nuair a fuair an duine aonair ríomhphost inar iarradh aiseolas ar thuras a thóg sé le déanaí, rud ar mheas sé gur ríomhphost margaíochta é. Rinne an duine aonair teagmháil leis an gCoimisiún á rá nach bhféadfadh sé rogha díliostála a aimsiú sa chumarsáid sin. 

Ar mhaithe leis an tsaincheist a réiteach, bhí ar an duine aonair dul go suíomh Gréasáin na haerlíne chun an rogha díliostála a aimsiú. Dhoiciméadaigh sé an próiseas sin trí sheat scáileáin a thógáil, rud a thug sé don Choimisiún mar cheangaltán. Ina theannta sin, dúirt an duine aonair nach raibh sé cinnte faoi cé acu a chláraigh nó nár chláraigh sé don chumarsáid sin, agus é ag rá go ndéanann sé iarracht gan toiliú le margaíocht neamh-inmhianaithe. D’iarr an duine aonair soiléiriú maidir le cé acu a cheanglaítear nó nach gceanglaítear ar eagraíochtaí nasc díliostála a chur ar áireamh i ríomhphoist nó i suirbhéanna
nach mbaineann go díreach le seirbhís shonrach, amhail eitilt.

Sa fhreagra uaidh don duine aonair, chuir an Coimisiún in iúl gurb é an riail ghinearálta le haghaidh margaíocht dhíreach leictreonach faoi Rialachán 13 de na Rialacháin um Príobháideacht agus Cumarsáid Leictreonach (I.R. Uimh. 336 de 2011) ná gur gá toiliú dearfach a fháil ón bhfaighteoir. Is féidir margaíocht dhíreach a shainmhíniú freisin mar chumarsáidí a bhfuil mar aidhm leo táirge nó seirbhís a chur chun cinn nó an faighteoir a spreagadh fiosruithe breise a dhéanamh. Shoiléirigh an Coimisiún freisin nach margaíocht dhíreach é comhfhreagras a sheoltar chun críocha faisnéise nó aiseolais agus chun na gcríoch sin amháin. Mar sin féin, dá mbeadh inneachar margaíochta sna cumarsáidí sin, d’fhéadfaí iad a aicmiú mar mhargaíocht dhíreach. Sa chás sin, bheadh sé riachtanach rogha díliostála a chur ar áireamh iontu. 

Tar éis an teachtaireacht cumarsáide a athbhreithniú sa chás ar leith seo, thug an Coimisiún faoi deara nach raibh aon inneachar margaíochta ar áireamh inti agus nach raibh an eagraíocht ach ag iarraidh aiseolas a fháil chun feabhas a chur ar an tseirbhís a thairgtear. Dá bhrí sin, chinn an Coimisiún nár mhargaíocht dhíreach ná sárú ar chearta cosanta sonraí í an chumarsáid seo.
 

Key Takeaway

  • Léirítear sa chás seo an tábhacht a bhaineann le cleachtais shoiléire chumarsáide agus an gá atá ann go gcomhlíonfadh eagraíochtaí ceanglais na Rialachán um Príobháideacht agus Cumarsáid Leictreonach a mhéid a bhaineann le toiliú agus le roghanna díliostála agus iad ag déanamh cumarsáid le custaiméirí. Is féidir eispéireas an duine aonair seo a úsáid chun a mheabhrú do chuideachtaí trédhearcacht agus inrochtaineacht a chinntiú ina gcumarsáidí uile.