Cás-Staidéir Margaíocht Dhíreach Leictreonach

 

Lorgaíonn Vodafone sonraí fostaíochta ó chustaiméirí

Fuair an Coimisiún Cosanta Sonraí roinnt fiosruithe faoi gur iarr Vodafone ar chustaiméirí úra nó ar chustaiméirí reatha a sonraí fostaíochta agus a n-uimhir fóin oibre a chur ar fáil mar cheanglas maidir le soláthar na seirbhíse ón gcuideachta sin.

Ba iad na buarthaí a tháinig chun cinn go raibh na hiarratais iomarcach agus ag teacht salach ar phrionsabal Airteagal 5 de bhailiú dleathach, cóir agus trédhearcach toisc nár bhain próiseáil na sonraí i ndáil lena stádas fostaíochta ar chor ar bith leis an táirge nó an tseirbhís a bhí siad ag fáil ón gcuideachta teileachumarsáide, a bhí faoi choinne a n-úsáid phearsanta nó bhaile amháin.

Sa dara háit, bhí buarthaí ann nach raibh an t-iarratas éigeantach le haghaidh ceird/áit oibre/ uimhir fóin oibre custaiméara dóthanach, ábhartha nó riachtanach faoin gceanglas “íoslaghdú sonraí” agus nár chomhlíonadh sé prionsabal an teorannaithe de réir cuspóra arna leagan amach in Airteagal 5 den RGCS.

Sa tríú háit, bhí buarthaí ann chomh maith i measc custaiméirí nár chomhlíon cosaint sonraí/fógra príobháideachta na cuideachta ceanglas trédhearcachta Airteagal 13(1) den RGCS.

I ndiaidh teagmhála leis an gCoimisiún Cosanta Sonraí, d’admhaigh Vodafone go ndearna sé earráid i mbailiú na faisnéise sin. Shonraigh an chuideachta gur tharla na fadhbanna mar gheall ar chóras oidhreachta TF nár nuashonraíodh chun an ceanglas sin a bhaint agus go raibh rochtain ar bith ar na sonraí sin thar a bheith teoranta agus nár bhain siadsan úsáid astu le haghaidh cuspóirí breise próiseála. Chuir Vodafone tús le plean láithreach chun na fadhbanna a tharla a leigheas agus, ar áitiú an Choimisiúin Cosanta Sonraí, d’fhoilsigh sé sonraí ar a shuíomh gréasáin faoi cad a tharla, ionas go mbeadh custaiméirí ar an eolas faoin bhfadhb.