Cás-Staidéir Margaíocht Dhíreach Leictreonach

 

Ionchúiseamh Vodafone Ireland Limited

I mí Iúil 2021, fuair an Coimisiún gearán amháin ó dhuine aonair maidir le glao teileafóin margaíochta gan iarraidh a fuarthas ó Vodafone Ireland Limited. Agus é ag tabhairt freagra ar an imscrúdú ón gCoimisiún ar an ngearán, mhínigh Vodafone Ireland Limited gur roghnaigh an custaiméir seo gan cumarsáidí margaíochta a fháil i mí an Mhárta 2018. Ina ainneoin sin, rinne Vodafone Ireland Limited seiceáil de láimh ar shainroghanna pearsanta sular sheol sé feachtas margaíochta agus, mar gheall ar earráid dhaonna, cuireadh an gearánach ar áireamh san fheachtas margaíochta.

Rinne an Coimisiún Vodafone Ireland Limited a ionchúi- seamh sna blianta 2021, 2019, 2018, 2013 agus 2011 i leith Rialachán 13 de na Rialacháin um Príobháideacht agus Cumarsáid Leictreonach a shárú i ndáil le gearáin roimhe sin. Dá réir sin, chinn an Coimisiún ionchúi- seamh eile a sheoladh de bhun an ghearáin seo. Ag Cúirt Dúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath an 27 Meitheamh 2022, phléadáil Vodafone Ireland Limited ciontach i gcúiseamh amháin faoi Rialachán 13(6) de na Rialacháin um Príobháideacht agus Cumarsáid Leictreonach. Chuir an Chúirt Dúiche an Probation of Offenders Act, 1907, i bhfeidhm sa chás seo, agus síntiús carthanúil €500 á thabhairt do Little Flower Penny Dinners. D’aontaigh Vodafone Ireland Limited costais dlí an Choimisiúin a ghlanadh.