Cás-Staidéir Margaíocht Dhíreach Leictreonach

 

Ionchúiseamh Vodafone Ireland Limited

In Aibreán 2019, fuair an DPC dhá ghearán ar leithligh ó dhuine a fuair cumarsáid margaíochta dírí ar téacs agus ar an ríomhphost ón oibritheoir líonra mhóibíligh, Vodafone. Mhaígh an duine go ndearna Vodafone neamhaird dá socruithe rogha custaiméara, a thaifid nár theastaigh uathu margaíocht den sórt sin a fháil.

I rith ár n-imscrúdaithe, dhearbhaigh Vodafone gur roghnaigh an gearánach gan teagmháil margaíochta dírí a fháil ach gur seoladh cumarsáidí chucu mar gheall ar earráid dhaonna i gcás na teachtaireachta téacs agus na bhfeachtas margaíochta ríomhphoist araon.

I gcás na teachtaireachta SMS, dhearbhaigh Vodafone gur seoladh téacs inar tairgeadh deis do na faighteoirí ticéid le haghaidh chluiche rugbaí idir Éirinn agus an Fhrainc a bhuachan chuig tuairim is 2,436 chustaiméir a roghnaigh roimhe sin gan margaíocht dhíreach a fháil ar téacs. Tharla sin mar gheall gur teipeadh scagaire roghanna margaíochta a chur i bhfeidhm ar an bhfeachtas SMS sular seoladh é. I gcás an ríomhphoist a fuair an gearánach, úsáideadh feidhmchlár ar beartaíodh é a úsáid chun margaíocht dhíreach a sheoladh chuig custaiméirí ionchasacha de dhearmad agus seoladh an teachtaireacht chuig custaiméirí reatha Vodafone. Cé nach raibh Vodafone in ann dearbhú a thabhairt maidir leis an líon custaiméirí a ndearnadh teagmháil leo ar an ríomhphost contrártha dá rogha, seoladh an ríomhphost margaíochta chuig 29,289 gcustaiméir reatha Vodafone. Dhearbhaigh an chuideachta go ndearnadh teagmháil le tuairim is 2,523 as 7,615 díobh sin de dhearmad. Ní raibh sí in ann an 21,674 chustaiméir eile ar seoladh an ríomhphost céanna chucu a nascadh lena roghanna margaíochta i stóras sonraí Vodafone chun an líon iomlán daoine a ndearnadh teagmháil leo de dhearmad a dhearbhú.

Bhí gearán ar leithligh faighte ag an DPC i mí Feabhra 2019 ó dhuine eile ar iar-chustaiméir de chuid Vodafone iad. Scoir an duine sin de bheith ina gcustaiméir de chuid Vodafone níos mó ná cúig bliana roimhe sin ach bhí teachtaireachtaí téacs bolscaireachta fós á bhfáil acu. Le linn ár n-imscrúdaithe, dhearbhaigh Vodafone gur de dhearmad a seoladh na teachtaireachtaí margaíochta dírí. Dúirt siad nár baineadh uimhir an ghearánaigh den ardán a úsáideadh chun cumarsáidí margaíochta a sheoladh, sa chás eisceachtúil sin, nuair nach raibh an uimhir gníomhach níos mó ar an líonra.

De bharr gur ionchúisigh an DPC Vodafone roimhe seo, in 2011, 2013 agus 2018, i ndáil le cionta margaíochta leictreonaí dírí, chinneamar imeachtaí ionchúisimh a thionscnamh maidir leis na gearáin sin.

I gCúirt Dúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath an 29 Iúil 2019, phléadáil Vodafone ciontach i gcúig chúis maidir le cumarsáidí margaíochta dírí gan iarraidh a sheoladh de shárú ar I.R. Uimh. 336 de 2011 (Rialachán maidir le Príobháideachas agus Cumarsáid Leictreonach). Ciontaíodh an chuideachta agus gearradh fíneáil €1,000 uirthi maidir le gach ceann de na trí chúis. Ciontaíodh í agus gearradh fíneáil €750 an ceann uirthi maidir leis an dá chúis eile.