Cás-Staidéir Margaíocht Dhíreach Leictreonach
Ionchúiseamh Thérapie Clinic, ag trádáil dó mar Valterous Limited
I mí Feabhra 2024, fuair an Coimisiún fógra ó dhuine aonair á líomhain go bhfuair sé cumarsáid ríomhphoist gan iarraidh ó Thérapie Clinic. Sholáthair an duine aonair don Choimisiún cóip dá shainroghanna pearsanta margaíochta agus cóip de chumarsáid ríomhphoist gan iarraidh.
Tar éis an ní a imscrúdú a thuilleadh, dheimhnigh Thérapie Clinic don Choimisiún go raibh an gearánach ina chliant dá chuid agus nár thug sé aon toiliú le cumarsáidí margaíochta a fháil. Rinne Thérapie Clinic imscrúdú inmheánach ansin, ina bhfuarthas amach gur sheol ball foirne i gceann amháin dá chlinicí an teachtaireacht ríomhphoist lena mbaineann de láimh.
Níor theachtaireacht chórasghinte é an ríomhphost. Dá bhrí sin, níor cuireadh aon sásra um rogha an diúltaithe ar áireamh sa chumarsáid. Mar sin, fuair an duine aonair ríomhphost margaíochta gan iarraidh gan aon rogha a bheith aige diúltú do theachtaireachtaí margaíochta eile a fháil. Ós rud é gur eisigh an Coimisiún rabhadh chuig Thérapie Clinic i mí Feabhra 2023 maidir le gearán roimhe, chinn an Coimisiún ionchúiseamh a dhéanamh de bhun an ghearáin seo.
An 25 Deireadh Fómhair 2024, ionchúisíodh Thérapie Clinic i leith ríomhphoist gan iarraidh a sheoladh chuig custaiméir a dhiúltaigh do chumarsáidí margaíochta a fháil roimhe sin. Cinneadh gur sháraigh an chuideachta Rialachán 13(12)(c) agus Rialachán 13(13)(a)(i) de I.R. Uimh. 336 de 2011 – Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Líonraí agus Seirbhísí Cumarsáide Leictreonaí) (Príobháideacht agus Cumarsáid Leictreonach), 2011. In ionad ciontú agus fíneáil a ghearradh, d’ordaigh Cúirt Dúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath don chuideachta síntiús €325 a thabhairt do Little Flower Penny Dinners, ar carthanas é, agus costais dlí an Choimisiúin a íoc.