Cás-Staidéir Margaíocht Dhíreach Leictreonach
Ionchúiseamh Starrus Eco Holdings Limited, ag trádáil faoi ainm Panda agus Greenstar
I mí Aibreáin 2018, rinne custaiméir de chuid Panda, soláthraí seirbhíse bailithe araidí, gearán á rá go bhfuair sé teachtaireachtaí margaíochta neamhiarrtha trí theachtaireacht téacs agus trí ríomhphost inar fógraíodh gnó leictreachais Panda. Níor thoiligh sé leis na teachtaireachtaí sin. Luaigh sé nach raibh rogha díliostála ann sna teachtaireachtaí.
Le linn ár n-imscrúdaithe, chuir Panda in iúl dúinn nár cheart na teachtaireachtaí margaíochta a bheith faighte ag an ngearánach. D’inis sé gurbh amhlaidh, mar thoradh ar earráid dhaonna, gur chreid ball foirne sa rannóg margaíochta go mícheart gur thoiligh an gearánach le teachtaireachtaí margaíochta dírí a fháil. B’oth leis gur theip air scar-rogha a chur ar áireamh sna teachtaireachtaí agus mhínigh sé gur theip ar a sholáthraí seirbhíse ríomhphost margaíochta gníomhú de réir na dtreoracha a thug sé scar-rogha a chur ar áireamh.
I mí na Bealtaine 2018, fuaireamar gearán ó chustaiméir de chuid Greenstar, soláthraí seirbhíse bailithe araidí eile. Rinne an duine sin gearán linn roimhe sin sa bhliain 2011 faoi theachtaireachtaí téacs margaíochta neamhiarrtha a seoladh chuige gan toiliú. Thugamar an gearán roimhe sin chun críche ach rabhadh a eisiúint chuig Greenstar i mí Mheán Fómhair 2011. D’inis an gearánach dúinn gur cuireadh tús an athuair le margaíocht dhíreach ó Greenstar trí bhíthin teachtaireachtaí téacs a bhíothas ag seoladh go dian.
Mar fhreagra ar ár gceisteanna, chuir Greenstar in iúl dúinn gurbh amhlaidh, mar thoradh ar an méid ama a bhí imithe thart ón uair a rinneadh an gearán sa bhliain 2011 (rud a d’admhaigh sé nach raibh inleithscéil), nach raibh a thaifid maidir leis an ngearánach chomh cruinn agus ba cheart iad a bheith, ós rud é gur roghnaigh an gearánach cheana féin gan margaíocht a fháil ón gcuideachta. Luaigh Greenstar nach raibh sonraí an ghearánaigh ná na sonraí faoin ngearán a rinneadh sa bhliain 2011 cruinn agus cothrom le dáta, a mhéid nár cheart uimhir theileafóin phóca an ghearánaigh a úsáid chun críocha margaíochta.
I bhfianaise an rabhaidh roimhe a d’eisíomar, chinn an Coimisiún go n-ionchúiseodh sé Starrus Eco Holdings Limited, ag trádáil faoi ainm Panda agus faoi ainm Greenstar i leith cionta a rinneadh sa dá chás. I gCúirt Dúiche Limistéar Chathair Bhaile Átha Cliath an 24 Deireadh Fómhair 2018, thaifead an chuideachta pléadálacha ciontacha i gcúiseanna a bhain le sáruithe ar Rialachán 13(1) de I.R. Uimh. 336 de 2011 i leith teachtaireachtaí téacs margaíochta neamhiarrtha a bheith á seoladh chuig beirt ghearánach gan a dtoiliú a fháil. In ionad ciontú agus fíneáil a ghearradh, d’ordaigh an chúirt don chuideachta síntiús carthanúil €2,000 a thabhairt d’Iontaobhas Peter McVerry. D’aontaigh an chuideachta cosanta go n-íocfadh sí as costais ionchúisimh an Choimisiúin. Rinneadh deimhniú á léiriú gur tugadh an síntiús carthanúil don charthanas a chur ar fáil don chúirt an 15 Samhain 2018 agus caitheadh an ní amach.