Cás-Staidéir Margaíocht Dhíreach Leictreonach

 

Ionchúiseamh Shop Direct Ireland Limited t/a Littlewoods Ireland

I mí Bealtaine 2019, fuair an DPC gearán ó dhuine a dúirt go raibh teachtaireachtaí margaíochta dírí á bhfáil acu ar téacs ó Littlewoods ó mhí an Mhárta. Dúirt an gearánach gur lean siad na treoracha chun díchlárú agus gur sheol siad an focal ‘STOP’ ar téacs cúig huaire chuig uimhir ainmnithe ar a dtugtar gearrchód, ach nár éirigh leo díchlárú agus go raibh teachtaireachtaí margaíochta ar téacs fós á bhfáil acu.

Le linn ár n-imscrúduithe, dhearbhaigh Shop Direct Ireland Limited (t/a Littlewoods Ireland) go raibh taifead ar théacsanna díchláraithe a chuir an gearánach isteach trí bhíthin a socruithe cuntais ar láithreán gréasáin Littlewoods an 8 Bealtaine 2019. Ní raibh taifead acu, áfach, ar a gcuid iarrachtaí roimhe sin díchlárú ó théacsanna margaíochta dírí agus an gearrchód SMS á úsáid. B’amhlaidh sin de bharr earráid dhaonna agus an t-ábhar do na teachtaireachtaí margaíochta SMS á socrú. Dúirt an chuideachta gur chuir an duine a bhí freagrach as ábhar a bhain le téacsanna margaíochta a ullmhú agus a uaslódáil an eochairfhocal díchláraithe ‘STOP’ san áireamh ag deireadh téacsanna margaíochta de dhearmad, in áit ‘LWISTOP’.

D’ionchúisigh Shop Direct Ireland Limited an DPC in 2016 i ndáil le saincheist cosúil leis sin ina ndearnadh custaiméir iarracht gan rath díchlárú ó ríomhphoist margaíochta dírí. Ba é toradh an cháis cúirte an t-am sin, gur bhronn an chuideachta €5,000 ar charthanas in áit ciontaithe agus fíneála.

Chinn an DPC an chuideachta a ionchúiseamh i ndáil le cionta margaíochta dírí leictreonaí i ndáil leis an ngearán a rinneadh i mí Bealtaine 2019.

I gCúirt Dúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath an 29 Iúil 2019, phléadáil Shop Direct Ireland Limited (t/a Littlewoods Ireland) ciontach in dhá chúis a bhain le teachtaireachtaí margaíochta dírí gan iarraidh a sheoladh ar téacs. Rialaigh an chúirt nach gciontófaí an chuideachta agus nach ngearrfaí fíneáil uirthi dá mbronnfadh sí €2,000 ar na carthanais Peter McVerry Trust agus Little Flower Penny Dinners agus cuireadh alt 1(1) den Probation of Offenders Act i bhfeidhm.