Cás-Staidéir Margaíocht Dhíreach Leictreonach

 

Ionchúiseamh Pulse Gym, ag trádáil dó mar Energie Fitness Dublin 8

I mí Dheireadh Fómhair 2023, fuair an Coimisiún fógra ó dhuine aonair maidir le teachtaireachtaí margaíochta SMS gan iarraidh a fuarthas ó Pulse Gym, ag trádáil dó mar Energie Fitness Dublin 8. Seoladh imscrúdú ansin, ar lena linn a mhínigh Pulse Gym gur tharla sé, nuair a chláraigh aon duine mar bhall ar líne, gur aontaigh an duine sin le téarmaí agus coinníollacha Pulse Gym. Áiríodh leis na téarmaí agus coinníollacha sin tagairt do thoiliú a thabhairt le hábhair mhargaíochta a fháil trí mheán leictreonach. 


Cé gur iarr an Coimisiún cóip den toiliú dá dtagraítear faoi Airteagal 7 RGCS, ní raibh Pulse Gym in ann cóip den sórt sin a sholáthar. Chuir an Coimisiún in iúl gur gá toiliú le margaíocht a bheith sonrach, feasach agus gan athbhrí agus a bheith tugtha faoi shaoirse agus nár cheadmhach do Pulse Gym toiliú le próiseáil sonraí  pearsanta daoine aonair a “chuachadh” chun críocha eile. 

Le linn an imscrúdaithe, dheimhnigh Pulse Gym freisin nár éirigh leis an duine aonair rogha an diúltaithe a fheidhmiú toisc go raibh locht ann ar bhogearraí an
tsoláthraí seirbhíse. 

Eisíodh rabhadh chuig Pulse Gym roimhe sin tar éis imscrúdú a dhéanamh ar ghearán den chineál céanna i mí Iúil 2023. Mar chuid den rabhadh sin, chuir an Coimisiún Pulse Gym ar an eolas faoi na ceanglais atá air a chinntiú nach bhfuil ina liosta seachadta ach mionsonraí na ndaoine aonair sin a thoiligh go sainráite le cumarsáidí margaíochta a fháil agus a chinntiú go bhfuil daoine in ann rogha an diúltaithe a fheidhmiú agus go n-urramaítear iarrataí rogha an diúltaithe. Tar éis an gearán eile seo a fháil i mí Dheireadh Fómhair 2023, áfach, ba léir nár cuireadh chun feidhme na hathruithe uile a sainaithníodh sa litir rabhaidh ón gCoimisiún. Mar thoradh air sin, chinn an Coimisiún imeachtaí ionchúisimh a thionscnamh sa chás seo.

Ag Cúirt Dúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath an 27 Bealtaine 2024, phléadáil Pulse Gym ciontach i gcúiseamh amháin i dteachtaireachtaí margaíochta SMS gan iarraidh a sheoladh faoi Rialachán 13 de I.R. Uimh. 336 de 2011 – Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Líonraí agus Seirbhísí Cumarsáide Leictreonaí) (Príobháideacht agus Cumarsáid Leictreonach), 2011. In ionad ciontú agus fíneáil a ghearradh, chuir an Breitheamh Halpin an tAcht Promhaidh i bhfeidhm, agus tugadh ordú don chuideachta síntiús €700 a thabhairt do Little Flower Penny Dinners, ar carthanas é, agus costais dlí an Choimisiúin a íoc ina n-iomláine.

Key Takeaway

  • Léirítear sa chás seo an tábhacht a bhaineann lena chinntiú go dtarlaíonn sé, nuair a iarrtar toiliú chun críocha margaíochta, go bhfuil an toiliú sin indibhidiúlaithe, go bhfuil sé indealaithe go soiléir ó chineálacha eile toilithe, agus nach bhfuil sé “cuachta” isteach le hiarrataí eile ar thoiliú le gníomhaíochtaí próiseála sonraí. Ní mór d’eagraíochtaí a chinntiú freisin go bhfuil a nósanna imeachta um rogha an diúltaithe ag obair i gceart agus go dtástáiltear go tráthrialta iad ar mhaithe lena bhfeidhmiúlacht a chinntiú.