Cás-Staidéir Margaíocht Dhíreach Leictreonach

 

Ionchúiseamh i ndáil le Vodafone Ireland Limited (ríomh-Phríobháideachas)

I mí Lúnasa na bliana 2019, agus mí an Mhárta agus Mheán Fómhair na bliana 2020, fuair an DPC trí ghearán ó dhaoine aonair maidir le glaonna gutháin, teachtaireachtaí téacs agus ríomhphoist mhargaíochta gan iarraidh a fuair siad ó Vodafone Ireland Limited. Mar fhreagra ar an imscrúdú a rinne an DPC ar an gcéad ghearán, mhínigh Vodafone Ireland Limited gur ghlaoigh an t-iarchustaiméir ar Vodafone Ireland Limited ar seacht ócáid ar leith ag iarraidh diúltú do ghlaonna gutháin mhargaíochta a fháil ar a ghuthán póca. I ngach ócáid, níor lean an gníomhaire lenar labhair sé na nósanna imeachta cearta agus dá bharr sin, níor tarraingíodh an custaiméir as margaíocht agus as tuilleadh glaonna margaíochta a fháil. Dhún an gearánach a chuntas le Vodafone Ireland Limited agus d’athraigh sé chuig oibritheoir eile mar gheall ar na glaonna gutháin mhargaíochta a fuair sé.

Maidir leis an dá chás eile, is custaiméirí reatha de chuid Vodafone Ireland Limited iad na custaiméirí. I gcás amháin, fuair an custaiméir glao margaíochta ar a ghuthán póca i mí Feabhra 2019 agus le linn an ghlao sin d’inis an custaiméir don ghlaoiteoir nach raibh sé ag iarraidh tuilleadh glaonna margaíochta a fháil. In ainneoin an iarrata seo, chuir Vodafone Ireland Limited dhá ghlao margaíochta dhéag eile ar ghuthán póca an duine aonair toisc nach ndearna a ghníomhaire aon ghníomhaíocht maidir le roghanna margaíochta an ghearánaigh a athrú. Sa chás eile, chomhlánaigh an gearánach foirm maidir le haistriú úinéireachta inar leag sé amach a roghanna margaíochta go soiléir gan aon chumarsáid mhar- gaíochta a fháil ó Vodafone Ireland Limited. Theip ar an ngníomhaire a láimhseáil an idirbheart próiseas a leanúint maidir le roghanna margaíochta an custaiméara a chur isteach. Dá bharr sin, fuair an custaiméir ceithre cinn déag de theachtaireachtaí margaíochta eile gan iarraidh — seacht ríomhphost agus seacht dteachtaireacht téacs.

D’ionchúisigh an DPC Vodafone Ireland Limited roimhe seo sa bhliain 2019, 2018, 2013 agus 2011 mar gheall ar Rialachán 13 de na Rialacháin um ríomh-Phríobháideachas a shárú i ndáil le gearáin roimhe seo. Dá réir sin, chinn an DPC leanúint ar aghaidh chuig ionchúiseamh eile mar thoradh ar na cásanna gearáin seo.

Ag Cúirt Dúiche Chathair Bhaile Átha Cliath an 6 Meán Fómhair 2021, phléadáil Vodafone Ireland Limited ciontach i leith seacht gcúiseamh faoi Rialachán 13(1) agus 13(6)(a) de na Rialacháin um ríomhPhríobháideachas. Chiontaigh an Chúirt Dúiche Vodafone Ireland Limited i leith seacht gcúis agus gearradh fíneálacha €1,400 ar an iomlán. Chomhaontaigh Vodafone Ireland Limited costais dlí an DPC a ghlanadh.