Cás-Staidéir Margaíocht Dhíreach Leictreonach
Ionchúiseamh i ndáil le Three Ireland (Hutchison) Limited (ríomh-Phríobháideachas)
I mí Feabhra na bliana 2021, fuair an DPC gearán amháin ó dhuine aonair maidir le post margaíochta leictreonach gan iarraidh a fuair sé ón gcuideachta teileachumarsáide Three Ireland (Hutchison) Limited. Roghnaigh an gearánach diúltú do ríomhphoist mhargaíochta a fháil i lár mhí Feabhra na bliana 2021.
Mar fhreagra ar imscrúdú an DPC, mhínigh Three Ireland (Hutchison) Limited nuair a rinneadh iarracht an t-iarraidh ar dhiúltú a chur i bhfeidhm tháinig fhadhb chun cinn mar gheall ar chás inar seoladh dhá thaifead ag an tráth céanna agus inar cailleadh an t-ord, arbh é an toradh a bhí leis sin nár nuashonraíodh a chóras i gceart. Mar thoradh air sin, seoladh trí ríomhphost margaíochta eile chuig an ngearánach sna seachtainí ina dhiaidh sin. Luaigh Three Ireland (Hutchison) Limited gur réitigh sé an cheist trí script a chur i bhfeidhm chun éagsúlachtaí idir sonraí maidir le cead a shocrú. Chomh maith leis sin, chuir sé foláireamh ríomhphoist ar bun chun monatóireacht a dhéanamh ar an script agus chun foláireamh a tharraingt anuas mura raibh an script ag obair.
D’ionchúisigh an DPC Three Ireland (Hutchison) Limited roimhe seo sa bhliain 2020 agus 2012 mar gheall ar Rialachán 13 de na Rialacháin um ríomhPhríobháideachas a shárú i ndáil le gearáin roimhe seo. Dá réir sin, chinn an DPC leanúint ar aghaidh chuig ionchúiseamh eile mar thoradh ar an gcás gearáin seo. Ag Cúirt Dúiche Chathair Bhaile Átha Cliath an 6 Meán Fómhair 2021, phléadáil Three Ireland (Hutchison) Limited ciontach i leith dhá chúiseamh faoi Rialachán 13(1) de na Rialacháin um ríomh-Phríobháidea- chas. Chuir an Chúirt Dúiche an Probation of Offenders Act 1907 i bhfeidhm, ar bhonn tabhartas carthanachta €3,000 a thabhairt do Little Flower Penny Dinners. Chomhaon- taigh Three Ireland (Hutchison) Limited costais dlí an DPC a ghlanadh.