Cás-Staidéir Margaíocht Dhíreach Leictreonach

 

Ionchúiseamh Clydaville Investments Limited, ag trádáil faoi ainm The Kilkenny Group

I mí na Samhna 2017, fuaireamar gearán ó dhuine aonair a fuair ríomhphost margaíochta ó The Kilkenny Group. Cuireadh sladmhargadh réamh-Nollag chun cinn sa ríomhphost, a seoladh go pearsanta chuige. Cuireadh in iúl ann gur laghdaíodh na praghsanna faoi suas go dtí 50% agus gur laghdaíodh praghas gach míre. D’inis an gearánach dúinn nár chreid sé gur roghnaigh sé ríomhphoist mhargaíochta a fháil.

Le linn ár n-imscrúdaithe, tháinig sé chun solais gur seoladh ríomhphost margaíochta chuig an ngearánach céanna i mí na Samhna 2016, bliain amháin roimhe sin. Tugadh cuireadh dó sa ríomhphost freastal ar ócáid chorparáideach i siopa na cuideachta i gCorcaigh. D’inis an gearánach dúinn ina dhiaidh sin gur chuimhnigh sé gur thug sé freagra ar an ríomhphost, á iarraidh go scriosfaí a sheoladh ríomhphoist.

Ag teacht sna sála ar ár n-imscrúdú ar ghearán faoi theachtaireachtaí téacs margaíochta neamhiarrtha a sheol The Kilkenny Group chuig cuideachta eile, d’eisíomar rabhadh chuig an gcuideachta i mí Mheán Fómhair 2012. Ina fianaise sin, chinn an Coimisiún go n-ionchúiseodh sé an chuideachta i leith an ghearáin a rinneadh sa bhliain 2017.

Éisteadh an ní i gCúirt Dúiche Thrá Lí an 15 Deireadh Fómhair 2018. Cuireadh ceithre chúis san iomlán i leith an chosantóra. Bhain dhá chúis le sáruithe líomhnaithe ar Rialachán 13(1) de I.R. Uimh. 336 de 2011 i leith ríomhphoist mhargaíochta neamhiarrtha a bheith á seoladh chuig an ngearánach i mí na Samhna 2016 agus i mí na Samhna 2017 gan a thoiliú a fháil. Bhain dhá chúis eile le sáruithe líomhnaithe ar Rialachán 13(12)(c) de I.R. Uimh. 336 de 2011. Foráiltear leis an Rialachán sin nach seolfaidh duine ríomhphost margaíochta leictreonaí nach dtugtar ann seoladh bailí a bhféadfaidh an faighteoir iarraidh a sheoladh chuige á rá go scoirfí den chumarsáid sin. Ós rud é nár taifeadadh pléadálacha ciontacha i leith ceann ar bith de na cúiseanna, tugadh an ní ar aghaidh chuig éisteacht iomlán lenar bhain triúr finnéithe cosanta agus beirt fhinnéithe ionchúisimh, an gearánach san áireamh. Ag deireadh na n-imeachtaí, chinn an chúirt gur cruthaíodh na fíricí i ndáil le dhá shárú ar Rialachán 13(1) i leith dhá ríomhphost margaíochta a bheith á seoladh gan toiliú. Ar an tuiscint go n-íocfadh an cosantóir as na costais ionchúisimh, a bhí cothrom le €1,850, bhain an chúirt úsáid as alt 1(1) den Acht um Promhadh Ciontóirí i leith an dá chúis, in ionad ciontú agus fíneáil a ghearradh. Dhiúltaigh an chúirt don dá chúis a bhain le Rialachán 13(12)(c).