Cás-Staidéir Margaíocht Dhíreach Leictreonach

 

Ionchúiseamh Cari’s Closet Limited

I mí Bealtaine 2018, fuaireamar gearán i gcoinne an mhiondíoltóra faisin ar líne, Cari’s Closet, ó dhuine a chuir ordú ar líne isteach chuig an gcuideachta roimhe sin. Bhain an gearán le trí ríomhphost margaíochta dírí gan iarraidh a fuarthas. Bhí gearán déanta ag an duine céanna leis an DPC i mí Eanáir 2018 maidir le ríomhphoist gan iarraidh ón gcuideachta sin. An t-am sin, dúirt an gearánach go bhfuair siad os cionn daichead teachtaireacht margaíochta in aon mhí amháin. Bhí iarracht déanta ag an duine díchlárú gan cúpla uair, ach níor éirigh leo.

Dúirt Cari’s Closet gur theip orthu an gearánach a dhíchlárú ó ríomhphoist mar gheall ar fhíor-earráid. De bharr gur eisigh an DPC rabhadh i mí Aibreáin 2018 i ndáil leis an ngearán a rinneadh roimhe sin, chinneamar imeachtaí ionchúisimh a thionscnamh i gcoinne na cuideachta.

I gCúirt Dúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath an 29 Iúil 2019, phléadáil Cari’s Closet ciontach i gcúis amháin maidir le ríomhphost margaíochta dírí gan iarraidh a sheoladh chuig an ngearánach. In áit ciontaithe agus fíneála, chuir an chúirt alt 1(1) den Probation of Offenders Act i bhfeidhm ar an mbonn go mbronnfadh an chuideachta €600 ar an gcarthanas Little Flower Penny Dinners.