Cás-Staidéir Fógra Sáraithe Sonraí
Sonraí Pearsanta a Nochtadh de Thaisme ar Líne
Thuairiscigh institiúid tríú leibhéal sárú sonraí don Choimisiún maidir le suirbhé a rinne sí ar iarmhic léinn. Gach bliain, rinneadh suirbhé ar mhic léinn a bhain céim amach le déanaí chun sonraí a bhailiú faoina gcuid staidéir breise agus faoina gcuid fostaíochta. Úsáideadh na sonraí sin ansin chun tuarascáil a fhoilsiú ar thorthaí céimithe. Rinneadh na staitisticí achoimre, nach raibh anaithnidithe sa chás seo agus ina raibh sonraí pearsanta, a fhoilsiú ar shuíomh Gréasáin na hinstitiúide.
Agus é ag caitheamh súil ar na tuarascálacha don bhliain 2023, thug duine den phobal faoi deara go raibh sé in ann amharc ar shonraí pearsanta na bhfreagraithe suirbhé trí dheaschliceáil ar na táblaí, agus tharraing sé aird na hinstitiúide air sin. Áiríodh leis na sonraí sin ainm, faisnéis tuarastail, agus mionsonraí faoi obair nó faoi staidéar breise. Bhain an institiúid tríú leibhéal den suíomh Gréasáin an tuarascáil sin agus tuarascálacha eile a bhí ar fáil go seachtrach agus ar measadh go bhféadfadh an fhadhb chéanna a bheith ag baint leo. Chomh maith leis sin, d’iarr an institiúid tríú leibhéal dearbhuithe ar an duine aonair a d’aimsigh an tacar sonraí nach ndearna sé na sonraí pearsanta a shábháil ná a chomhroinnt.
Mar chuid den imscrúdú ar an sárú seo, chuir an institiúid in iúl don Choimisiún gur tugadh córas nua le haghaidh tuarascálacha a tháirgeadh isteach sa bhliain 2022 agus gurbh í an easpa cur amach ar an gcóras nua sin a bhí taobh thiar de na sonraí a bheith á bhfoilsiú i bhformáid neamh-anaithnidithe. Chun laghdú a dhéanamh ar an dóchúlacht go dtarlódh an tsaincheist seo arís, rinne an institiúid athbhreithniú ar a próisis inmheánacha le haghaidh tuarascálacha a ghiniúint, agus rinne sí idirchaidreamh lena foirne inmheánacha TF chun a chinntiú go bhfuil bearta teicneolaíocha cuí i bhfeidhm anois.