Cás-Staidéir Fógra Sáraithe Sonraí

 

Seoltaí Ríomhphoist a nochtadh via ríomhphost grúpa

Fuair an DPC fógra maidir le sárú ó charthanas a thugann tacaíocht do dhaoine faoi mhíchumais intleachta. Tharla an sárú nuair a úsáideadh an réimse CC seachas an réimse BCC chun nuachtlitir a sheoladh chuig faighteoirí trí ríomhphost. Ba é an toradh a bhí air sin gur nochtadh seoltaí ríomhphoist na bhfaighteoirí ar fad dóibh sin a léigh an ríomhphost. Is coitianta an cineál seo de shárú ar shonraí pearsanta ar minic é bheith ina thoradh ar earráid dhaonna shimplí agus a mbíonn rioscaí ísle ag baint leis de ghnáth. Cé gur dócha nár rioscaí suntasacha na rioscaí a bhain leis an gcás seo, léiríodh trí tuilleadh fiosrúcháin agus anailís a dhéanamh ar aighneachtaí chuig an DPC roimhe seo nach raibh mórán feasachta i measc bhaill foirne agus oibrithe deonacha an charthanais maidir le saincheisteanna agus freagrachtaí i ndáil le cosaint sonraí.

I ndiaidh don eagraíocht bheith i dteagmháil leis an DPC, tugadh isteach oiliúint do bhaill foirne agus oibrithe deonacha maidir le cosaint sonraí, agus tugadh aghaidh ar ról bainistíochta nua a chruthú ar a mbeadh freagracht i ndáil le cosaint sonraí a chomhlíonadh ar fud na heagraíochta .

Bíonn carthanais i mbun sonraí pearsanta daoine leo- chaileacha a phróiseáil go minic, agus is minic gur sonraí catagóire speisialta atá i gceist ar nós faisnéis maidir le sláinte . Ceart bunúsach is ea cosaint sonraí san Aontas Eorpach agus teastaíonn cúram, pleanáil agus bearta ea- graíochtúla cúramacha chun cearta daoine leochaileacha a chosaint . Ní mór acmhainní cuí maidir le bainistíocht agus comhlíonadh bheith ag teacht le dianobair agus dea-thoil na mball foirne agus oibrithe deonacha lena chinntiú go gcosnaítear cearta sonraí pearsanta .