Cás-Staidéir Fógra Sáraithe Sonraí
Scoil dara leibhéal íospartach ionsaí iascaireachta míolta móra
Ghnóthaigh drochghníomhaí rochtain ar na córais TFC de chuid scoile (de chuid rialaitheora sonraí), lenar áiríodh an córas ríomhphoist, agus d’insíothlaigh sé isteach iontu ar feadh tréimhse anaithnid ama. Bhailigh an drochghníomhaí faisnéis sula ndearna sé ríomhphost fioscaireachta a sheoladh agus a chur ina luí ar an riarthóir cuntas airgeadais íocaíochtaí a dhíriú isteach i gcuntas calaoiseach.
Sheol an drochghníomhaí ríomhphost chuig an riarthóir cuntas, á chur i gcéill gur seoladh é ó sheoladh ríomhphoist phríomhoide na scoile. Tugtar cumarsáid faoi bhréagriocht air sin agus fágann sé go bhfuil an chuma air gur seoladh an ríomhphost ó dhuine aonair a bhfuil iontaoibh as agus gur iarraidh bhailí atá ann. Cuimsíodh sa ríomhphost sin cóipeanna dúblacha calaoiseacha de shonraisc a bhain le hobair dhlisteanach a rinneadh sa scoil. Mhí-ionramháil an drochghníomhaí na mionsonraí cuntais bainc, áfach, chun an íocaíocht a atreorú chuig faighteoir anaithnid agus rinne an scoil an t-idirbheart, agus í neamheolach air sin. Aimsíodh an sárú nuair a chuir an soláthraí dlisteanach in iúl nár íocadh é. Chuir an scoil an fógra faoi shárú isteach.
Mhol an Coimisiún go ndéanfadh an scoil roinnt gníomhartha chun athshlánú ón sárú agus chun atarlú a mhaolú lena n-áirítear cur i bhfeidhm Fíordheimhnithe Ilfhachtóirí, monatóireacht leanúnach agus meabhrúcháin ar a bheartas úsáide ríomhphoist.