Cás-Staidéir Fógra Sáraithe Sonraí
Sáruithe a dhéantar go minic
I gcaitheamh tréimhse 12 mhí, fuair an DPC fógraí maidir le sraith sáruithe comhchosúla ó rialaitheoir sonraí a raibh baint aige/aici le ceisteanna airgeadais. Dhíol an rialaitheoir seirbhísí trí líonra náisiúnta miondíola a bhí faoi úinéireacht agus á fheidhmiú ag tríú páirtí, a ghníomhaigh mar phróiseálaí ina thaobh. Tharla na sáruithe nuair a rinne custaiméirí reatha an rialaitheora ceannacháin ag ionaid díola an phróiseálaí, ach d’úsáid siad seoladh difriúil le hais an seoladh a chláraigh siad roimhe sin leis an rialaitheoir.
Níor comhordaíodh go hiomlán athruithe a rinneadh le gairid ar chórais bhunachar sonraí an rialaitheora leis na hathruithe i leith díolacháin, arbh é an toradh a bhí air sin gur seoladh doiciméid maidir le díolacháin chuig seanseoltaí custaiméirí seachas a seoltaí nua . D’ordaigh an rialaitheoir don phróiseálaí gan glacadh le hiarratais che- annacháin go dtí go gclárófaí athruithe ar na seoltaí, ach níor lean cuid de bhaill foirne ag an gcuntar na nósanna imeachta cearta go seasta .
Nuair a nótáil an DPC an patrún a bhain leis na sáruithe, d’aontaigh an rialaitheoir go raibh fadhb córasach ann ar theastaigh cúram ina leith óna ardbhainistíocht . Fad a bhí réiteach teicniúil á leagan amach agus á thástáil, ghlac an rialaitheoir agus an próiseálaí bearta eatramhacha len n-áirítear athoiliúint a chur ar bhaill foirne, maoirseacht a mhéadú, agus fógra a thagadh aníos ar na scáileáin arna n-úsáid ag na baill foirne próiseála nuair a bhí díolacháin gcur i gcrích, inar meabhraíodh dóibh a dhearbhú go raibh seoladh cláraithe reatha a chustaiméara i gceart . Chuir an rialaitheoir na hathruithe i bhfeidhm ina chórais IT d’fhonn cosc a chur le doiciméid díolacháin bheith á seoladh chuig seoltaí custaiméara míchearta, agus tháinig deireadh leis na sáruithe athfhillteacha .