Cás-Staidéir Fógra Sáraithe Sonraí
SÁRÚ Doiciméid páipéir cóipe crua a aistriú
Eagraíocht a bhfuil feidhm aici athbhreithnithe neamhspleácha a dhéanamh. Bhí an eagraíocht ag tabhairt doiciméid ar ais tar éis a próiseas achomhairc agus measúnachta a chur i gcrích. Is gnách go molann an eagraíocht go n-úsáidfí córas aistrithe comhad le haghaidh taifid ábhair a aistriú. Mar sin féin, éascaíonn sí cóipeanna crua a sheoladh freisin. Sa chás seo, d’iarr an eagraíocht seolta go dtabharfaí ar ais di na cóipeanna de thaifid a sheol sí i gcóip chrua. Thug an eagraíocht na doiciméid sin ar ais leis an bpost agus bhí an t-imchlúdach treisithe agus slán tráth a tugadh amach as an eagraíocht é. Luadh, áfach, nár seoladh é leis an bpost cláraithe, arbh é an gnáthbheartas don eagraíocht é nuair a bhí sé ag iarraidh cóipeanna crua ó eagraíochtaí chun tacú leis an bpróiseas achomhairc/ measúnachta. Nuair a tháinig an t-imchlúdach ar ais san eagraíocht seolta, bhí uamanna uile an imchlúdaigh scoilte agus an-stróicthe agus bhí trí leathanach ar iarraidh ón bpacáiste.
Cuimsíodh sonraí a bhain le daoine aonair soghonta sna doiciméid. Bhain cineál agus catagóir na sonraí le hAirteagal 4(1) RGCS agus níor cuimsíodh aon sonraí liachta iontu. Bhíothas in ann a thabhairt le tuiscint gur cuimsíodh faisnéis liachta áirithe iontu, áfach, toisc go ndearna an t-úsáideoir seirbhíse caidreamh leis an eagraíocht seolta.
Rinne an eagraíocht caidreamh leis an tseirbhís poist a úsáideadh le linn na mionsonraí a thabhairt ar ais don eagraíocht iarrthach agus, mar chuid den imscrúdú a rinne sí ar na trí leathanach a bhí ar iarraidh, fuarthas amach go raibh an t-imchlúdach neamhdhamáistithe tráth a fuair an tseirbhís poist é. Ós rud é nár seoladh é leis an bpost cláraithe, áfach, ní raibh aon fháil ann ar rianú poist.
Ghabh an eagraíocht uirthi féin úsáid an phoist chláraithe a fhorfheidhmiú agus an beartas uaithi a nuashonrú chun baill foirne a mholadh agus cóipeanna crua á dtabhairt ar ais don eagraíocht seolta acu go ndéanfaí bearta ar aon dul le hAirteagal 5(1)(f) RGCS agus le hAirteagal 32 RGCS chun bearta cuí teicniúla agus eagraíochtúla a chur chun feidhme, amhail a chinntiú go gclárófar an comhfhreagras leis an tseirbhís poist agus a chinntiú go n-úsáidfear imchlúdaigh threisithe chuí chun leibhéal slándála agus cosanta a bheidh oiriúnach d’aon riosca a chinntiú.
Tugadh faoi deara go ndearna an eagraíocht caidreamh leis an tseirbhís poist mar chuid den imscrúdú a rinne sí ar na trí leathanach a bhí ar iarraidh agus go bhfuarthas amach go raibh an t-imchlúdach neamhdhamáistithe tráth a fuair an tseirbhís poist é. Ós rud é nár seoladh é leis an bpost cláraithe, áfach, ní raibh aon fháil ann ar rianú an imchlúdaigh.
Cé gur luadh sa bheartas a bhí in úsáid ag an eagraíocht gurbh é úsáid an phoist chláraithe an modh roghnaithe postais, shainaithin an eagraíocht freisin nár luadh é sin ach amháin i ndáil le cóipeanna crua a fháil ó na heagraíochtaí seolta. D’aithin an eagraíocht gurbh earráid í sin ina beartais féin.
Rinne an Coimisiún caidreamh leis an eagraíocht agus mhol sé di an beartas uaithi maidir le cóipeanna crua a thabhairt ar ais d’eagraíochtaí a nuashonrú agus gur cheart di an méid sin a chur ar áireamh i bhfeachtais oiliúna foirne agus i bhfeachtais feasachta foirne.