Cás-Staidéir Fógra Sáraithe Sonraí
Sárú ar Stóráil Comhad Digiteach
Thuairiscigh institiúid tríú leibhéal sárú sonraí don Choimisiún maidir le stóráil deimhnithe dochtúra mac léinn do chúrsa ar leith. Tháinig mac léinn amháin ar dheimhnithe dochtúra a bhain le mic léinn eile agus é ag iarraidh a dheimhniú féin a uaslódáil chuig Timpeallacht Fhíorúil Foghlama na hinstitiúide. Thug an institiúid fógra don Oifigeach Cosanta Sonraí faoi sin láithreach, agus bhain a rannóg TF na comhaid sin den chóras.
Rinne an Coimisiún measúnú ar an bhfógra agus, i bhfianaise chineál na sonraí catagóire speisialta (sonraí sláinte) a bhí i gceist, d’iarr sé tuilleadh faisnéise ar an eagraíocht. Tar éis don eagraíocht imscrúdú a dhéanamh ar an ní, suíodh gurbh í earráid an duine a bhí taobh thiar de mhíchumraíocht ar an Timpeallacht Fhíorúil Foghlama, rud a d’fhág gur taispeánadh deimhnithe dochtúra do ghrúpa mac léinn, seachas do chomhordaitheoir/léachtóir an chúrsa agus don duine sin amháin.
Mheas an eagraíocht ar dtús go raibh ardriosca ag baint leis an sárú. Tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar na sonraí sáraithe agus ar na rioscaí a bhí ann do chearta agus saoirsí na ndaoine aonair a ndearnadh difear dóibh, áfach, measadh nach raibh an riosca chomh hard céanna. Agus cur chuige an-chúramach á ghlacadh aici, chinn an eagraíocht na daoine aonair a ndearnadh difear dóibh a chur ar an eolas faoin sárú.
Chun a shocrú nach dtiocfadh cás den sórt seo chun cinn arís, d’eisigh an institiúid ríomhphost chuig gach ball foirne chun a mheabhrú dóibh gan an Timpeallacht Fhíorúil Foghlama a úsáid le haghaidh sonraí pearsanta a chur isteach. Chuir an institiúid teachtaireachtaí leis an ardán Timpeallachta Fíorúla Foghlama freisin chun na hoibleagáidí cosanta sonraí atá orthu agus an córas á úsáid acu a mheabhrú do bhaill foirne agus do mhic léinn araon.
Rinne an eagraíocht caidreamh le soláthraí na Timpeallachta Fíorúla Foghlama chun bearta a thabhairt isteach chun a chinntiú go ndéantar sonraí pearsanta a stóráil agus a phróiseáil go slán agus go gcumraítear socruithe slándála go cuí.