Cás-Staidéir Fógra Sáraithe Sonraí

 

Na rioscaí a bhaineann le húsáideoirí físchomhdhála

Fuair an Coimisiún fógra ó chomhlacht reachtúil a n-áirítear lena fheidhmeanna imscrúdú a dhéanamh ar ghearáin a bhaineann le hiompar gairmiúil saineolaithe. Tharla an sárú le linn éisteacht phoiblí, a cuireadh ar siúl go cianda, nuair a shann próiseálaí tríú páirtí cead rochtana go mícheart don lucht freastail, a raibh iriseoirí ina mheasc. 

D’fhág sé sin gurbh infheicthe a bhí doiciméid inar nochtadh sonraí pearsanta nach raibh daoine den phobal i dteideal amharc orthu toisc nach raibh siad mar chuid den éisteacht. Maidir leis na sonraí pearsanta, a nochtadh de thaisme le linn na héisteachta, d’fhoilsigh na hiriseoirí iad ina dhiaidh sin i lear asraonta meán. 

Measúnaíodh an sárú a bheith ina shárú ardriosca toisc go rabhthas in ann láthair an ábhair sonraí, rud a foilsíodh, a thuiscint ó na sonraí a nochtadh. 

Trí mhaolú, dheimhnigh an comhlacht reachtúil gur bhain na hasraonta meán na sonraí pearsanta dá n-ardáin. De bhreis air sin, nuashonraigh an próiseálaí tríú páirtí a bhearta teicniúla agus eagraíochtúla chun rochtain d’úsáideoirí poiblí a shrianadh. 

Key Takeaway

  • Leagtar béim sa chás seo ar na rioscaí féideartha a gcruthaíonn úsáideoirí físchomhdhála iad. Ba cheart do rialaitheoirí a chinntiú go mbeidh na daoine aonair a oibríonn na teicneolaíochtaí sin ar an eolas faoi úsáid na dteicneolaíochtaí.