Cás-Staidéir Fógra Sáraithe Sonraí

 

Gearán faoi shárú a bhain le faisnéis fostaíochta

Fuair an Coimisiún um Chosaint Sonraí gearán a rinne duine aonair in aghaidh a fhostóra. Bhain sé le sárú sonraí a tharla nuair a cuireadh fillteán acmhainní daonna ina raibh sonraí pearsanta an duine aonair ar thiomántán poiblí a raibh rochtain ag daoine aonair tríú páirtí air. 

Dúirt an fostóir leis an gCoimisiún gur thug sé fógra don. Dúirt sé gur tharla sé, de dheasca earráid dhaonna, gur aistríodh fillteán ina raibh sonraí pearsanta chuig tiomántán comhroinnte coiteann inmheánach de thaisme. Dúirt sé freisin nach raibh rochtain ag aon duine ar bith lasmuigh den eagraíocht ar an bhfillteán sin. A luaithe a tháinig an fostóir ar an eolas faoin sárú sin, rinne sé gníomh láithreach chun na comhaid lena mbaineann a dhaingniú. 

Daingníodh na fillteáin acmhainní daonna trí iad a bhaint den tiomántán comhroinnte agus trí iad a chur sa tiomántán cuí logánta acmhainní daonna. Rinne an fostóir imscrúdú ar an teagmhas sin agus dheimhnigh sé nach ndearnadh aon phróiseáil bhreise ar shonraí pearsanta sa chás seo. Chuir an fostóir na daoine aonair a ndearnadh difear dóibh ar an eolas faoin sárú agus thug sé an t-eolas is deireanaí roinnt uaireanta maidir leis an gcéanna tríd an ríomhphost. Ina dhiaidh sin, thug an fostóir don duine aonair liosta mionsonraithe de na catagóirí sonraí pearsanta a bhí i gceist leis an sárú sonraí. 

Tar éis dó an ní a scrúdú a mhéid a measadh a bheith cuí, mheabhraigh an Coimisiún don fhostóir na hoibleagáidí atá air faoi Airteagal 5(1)(f) agus Airteagal 24 RGCS. Chomhoibrigh an fostóir leis an gCoimisiún arís agus arís eile. Rinne an Coimisiún cigireacht dheonach ag áitreabh an fhostóra freisin. Rinne an Coimisiún measúnú ar an sárú agus chuaigh sé i dteagmháil leis an bhfostóir, a d’inis don Choimisiún go bhfuil bearta i bhfeidhm, nó go bhfuil sé beartaithe bearta a chur i bhfeidhm, chun a chinntiú nach dtarlóidh teagmhas den chineál céanna arís sa todhchaí. 

Key Takeaway

  • Ba cheart d’eagraíochtaí a chinntiú go bhfuil rialuithe cuí agus faireachán cuí i bhfeidhm acu agus iad ag úsáid saoráidí amhail fillteáin agus tiomántáin chomhroinnte. Má tá seirbhísí den sórt sin á n-úsáid, ba cheart iniúchadh tráthrialta a dhéanamh orthu chun a chinntiú nach bhfuil aon sonraí pearsanta inrochtana.