Cás-Staidéir Fógra Sáraithe Sonraí

 

Fógra Sáraithe (Earnáil Airgeadais) Sonraí Bainc curtha trí WhatsApp

Chuir eagraíocht earnála airgeadais príobháidí in iúl don DPC go raibh iarratas déanta ag custaiméir chun a n-uimhreacha IBAN agus BIC a fháil, uimhreacha a bhí á gcoimeád ar comhad. Bhí aithne phearsanta ag an gcustaiméir a bhí ag déanamh an iarratais ar an mball foirne a bhí ag plé leis an iarratas. Ag imeacht ó chleachtais fhaofa, bhain an ball foirne úsáid as a bhfón póca pearsanta chun pictiúr a chur den eolas a bhí á lorg, dar leo, thar ardán curtha teachtaireachtaí (WhatsApp). Go hearráideach, áfach, chuir an ball foirne sonraí a bhain le custaiméir eile chuig an gcustaiméir a rinne an t-iarratas.

 

Rinne an custaiméir a fuair an t-eolas seo teagmháil leis an eagraíocht chun cur in iúl dóibh nár bhain an t-eolas a fuarthas lena gcuntas siúd agus go raibh siad tar éis glacadh orthu féin an t-ábhar sáraithe ar fad a bhaint dá ngléas . Chuaigh an eagraíocht i dteagmháil le baill fhoirne le cur i gcuimhne dóibh nár chóir ach modhanna údaraithe cumarsáide a úsáid agus iarratais den chineál seo á láimhseáil sa todhchaí . Ghabh an eagraíocht a leithscéal leis na hábhair shonraí go léir a bhí buailte freisin .

D´eisigh an DPC roinnt moltaí a chuimsíonn úsáid uirlisí faofa cumarsáide eagraíochtúla amháin, ag fágáil go bhfuil an fhoireann go hiomlán ar an eolas faoi iompar inghlactha agus do-ghlactha agus uirlisí cumarsáide eagraíochtúla á n-úsáid acu, agus le cinntiú gur cuireadh oiliúint chuí ar an bhfoireann i dtéarmaí a gcuid dualgas/ freagrachtaí faoi fhorálacha an GDPR agus an Achta um Chosaint Sonraí 2018 .