Cás-Staidéir Fógra Sáraithe Sonraí
Fógra Sáraithe (12 Chomhar Creidmheasa) Earráid Chódúcháin an Phróiseálaí
Fuair an DPC tuairiscí sáraithe ar leith ó 12 chomhar creidmheasa a d´fhostaigh seirbhísí an phróiseálaí chéanna, a bhí lonnaithe sa RA. D´eascair an sárú ag an bpróiseálaí as earráid chódúcháin a rinneadh ag an bpróiseálaí agus bearta á gcur i bhfeidhm a tugadh isteach mar fhreagra ar phaindéim Covid-19.
Tá iachall ar chomhair chreidmheasa eolas a thuairisciú do Bhanc Ceannais na hÉireann a bhaineann lena gcuid iasachtaithe agus le feidhmíocht a gcuid iasachtaí. Baineann an Banc Ceannais úsáid as an eolas seo chun an Clár Creidmheasa Lárnach (nó CCR) a chothabháil . Lena seal baineann iasachtóirí agus gníomhaireachaí rátála creidmheasa úsáid as an eolas seo chun fiacha agus stair chreidmheasa iasachtaithe a dheimhniú . Baineann líon mór iasachtóirí, go háirithe comhair chreidmheasa, úsáid as comhlachtaí próiseála sonraí chun a leithéid d´fhillteáin CCR a ullmhú agus chun iad a chur ar aghaidh chuig an mBanc Ceannais .
Le linn 2020, thug Rialtas na hÉireann sraith bheart isteach chun anás airgeadais a mhaolú a bhfuil mar chúis aige an phaindéim agus na dianghlasálacha a d´eascair aisti sin . Áiríodh i measc na mbeart seo cur ar chumas institiúidí airgeadais aisíocaíochtaí iasachta a stopadh gan cur isteach ar bhealach dochrach ar rátáil chreidmheasa na n-iasachtaithe . Tugadh treoir do na hiasachtóirí cóid ar leith a úsáid sna fillteáin CCR chun bratach a chur le hiasachtaí a stopadh go sealadach . Ba é a bhí i gceist leis sin ná cosc a chur ar léirmhíniú na n-iasachtaí sin mar iasachtaí faillitheora nó a bheith ag cur in iúl ar bhealach eile go raibh acmhainneacht creidmheasa na n-iasach- taithe ábhartha tar éis dul in olcas .
San eachtra seo bhain an próiseálaí a fostaíodh ag na 12 chomhar creidmheasa úsáid as cóid mhíchearta ar fhillteáin CCR a bhí ag plé le hiasachtaí a stopadh go sealadach. Thug na cóid mhíchearta le fios go raibh na hiasachtaithe a bhí buailte tar éis tabhairt faoi ´imeacht athstruchtúraithe´ — is minic a tharlaíonn imeacht ath struchtúraithe nuair nach mbíonn iasachtaí in ann iasacht a aisíoc thar an tréimhse chomhaontaithe, agus aontaíonn an t-iasachtóir téarmaí na hiasachta a athrú chun feabhas a chur ar chumas an iasachtaí an iasacht a aisíoc . Is féidir leis sin rátáil chreidmheasa iasachtaí a laghdú go mór, agus mar sin de d´fhéadfadh iarmhairtí tromchúiseacha a bheith ag baint le taifead míchruinn CCR imeachta ath- struchtúraithe do na daoine atá buailte .
Cuireadh na comhair chreidmheasa faoi thrácht ar an eolas faoi earráid chódúcháin an phróiseálaí maidir lena gcuid fillteán CCR roinnt seachtainí tar éis don phróiseálaí fillteáin CCR a chur chucu den chéaduair agus iad ag úsáid na gcód mícheart don Bhanc Ceannais . Tuairiscíodh an cheist don DPC mar shárú agus thóg na comhair chreid- mheasa an cheist leis an bpróiseálaí go díreach agus trí mheán grúpa úsaideoirí . Cheadaigh sin gurbh fhéidir na taifid a bhí buailte a aithint, gurbh fhéidir na nósanna imeachta cuí códúcháin a oibriú amach, agus fillteáin cheartaithe CCR a chur chuig an mBanc Ceannais .
Léiríonn na cásanna seo an tábhacht a bhaineann le conarthaí próiseála a chuireann i bhfeidhm i gceart riachtanais Airteagail 28 den GDPR . Is é an rud is mó a bhaineann le hábhar sna cásanna seo ná nach mór do na conarthaí próiseála soláthar a dhéanamh dó go mbeidh an próiseálaí ag cabhrú leis an rialaitheoir chun a chuid dualgas a chomhlíonadh i dtaca le slándáil phróiseála, agus i dtaca le tuairisciú agus bheith ag tabhairt freagra ar sháruithe .