Cás-Staidéir Fógra Sáraithe Sonraí

 

Doiciméid páipéir cóipe crua a aistriú agus tú ag bogadh áitribhs while moving premises

Bhí lia-chleachtóir ginearálta a d’oibrigh a chleachtas óna theach féin ag bogadh a áitribh oibre. Luaigh an lia-chleachtóir ginearálta go raibh 4000 othar ag freastal ar an gcleachtas thar thréimhse ama agus gur oibrigh sé idir stóráil dhigiteach agus chomhaid pháipéir. Bhí an lia-chleachtóir ginearálta ag brath ar thoiliú ó na hothair chun na mionsonraí liachta a stóráil ar an mbealach sin. D’fhostaigh an lia-chleachtóir ginearálta veain seachadta áitiúil chun na comhaid liachta páipéir a bhain leis an gcleachtas a iompar. Cuireadh na comhaid liachta isteach i mboscaí agus seoladh amach iad i veain seachadta phríobháideach. 

Aimsíodh an sárú le linn iniúchadh córais a rinneadh tar éis an bhogtha. Ba ar iarraidh a bhí bosca inar cuimsíodh comhaid liachta agus ar iompair fear aistrithe earraí iad ina veain phríobháideach féin. Dheimhnigh an tiománaí veain gur thaisc sé na comhaid sa limistéar fáiltithe den áitreabh nua. Tuairiscíodh an caillteanas comhad don stáisiún áitiúil de chuid an Gharda Síochána freisin.  Bhí thart ar 2000 comhad liachta ann nach rabhthas in ann a aimsiú agus dheimhnigh an lia- chleachtóir ginearálta nach raibh aon chóipeanna cúltaca de na taifid sin ann. Bhain na comhaid ar iarraidh le dialanna liachta, le bileoga ama, le taifid vacsaínithe agus le taifid chliniciúla a bhain le hothair phríobháideacha a mheasúnú agus le cóireáil a chur orthu. 

Rinne an Coimisiún caidreamh leis an lia-chleachtóir ginearálta agus fuair sé amach nach raibh sé ar intinn ag an lia-chleachtóir ginearálta fógra a thabhairt do na daoine aonair lenar bhain ach go raibh sé i mbun idirchaidrimh le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) maidir leis an ní agus go raibh sé ag comhlíonadh an bheartais ó FSS maidir le coinneáil taifead (Caighdeáin agus Cleachtais Mholta FSS le haghaidh Bainistíocht Taifead Cúram Sláinte, QPSD-D-006-3 V3). Luaigh an lia- chleachtóir ginearálta ar dtús gurbh íseal a bhí an riosca toisc nach raibh na sonraí ar iarraidh comhlán. 

Ag teacht sna sála ar thuilleadh caidrimh, tharraing an Coimisiún a aird ar na hoibleagáidí atá air faoi Airteagal 34 RGCS fógra a thabhairt do na hábhair sonraí lenar bhain gan moill mhíchuí. Chuir an lia-chleachtóir ginearálta in iúl go seolfadh sé fógra chuig gach othar lenar bhain nó chuig tuismitheoir nó caomhnóir gach othair mhionaoisigh lenar bhain le ríomhphost nó leis an bpost, agus sholáthair sé dréachtchóip den litir don Choimisiún. Deimhníodh iad sin a bheith eisithe. 

Cuimsíodh Airteagal 4 RGCS agus Airteagal 9 RGCS araon leis na sonraí pearsanta a bhí i gceist. Ar roinnt de na sonraí pearsanta bhí ainmneacha, seoltaí, dátaí breithe, UPSPanna agus mionsonraí vacsaínithe. 

Rinne an lia-chleachtóir ginearálta caidreamh le FSS maidir le taifid liachta a bhainistiú.  Thug an lia-chleachtóir ginearálta bearta nua isteach chun taifid liachta a sealbhaíodh a dhigitiú. Rinneadh breithniú, áfach, ar bhearta praiticiúla amhail duine aonair a bheith i bhfeidhm chun aon taifid liachta a bhí á n-iompar a fháil, ar aon dul leis na hoibleagáidí atá leagtha amach faoi Airteagal 5(1)(f) RGCS agus faoi Airteagal 32 RGCS chun bearta cuí teicniúla agus eagraíochtúla a bheidh oiriúnach d’aon riosca a chur chun feidhme. 

Tugadh faoi deara gur oibrigh an lia-chleachtóir ginearálta óna theach ar feadh breis agus 20 bliain agus gurbh amhlaidh nach ndearnadh bearta cuí le linn na comhaid a iompar, cé gur úsáid an lia-chleachtóir ginearálta caibinéid shlána comhad. 

Rinne an Coimisiún caidreamh leis an lia-chleachtóir ginearálta agus d’eisigh sé moladh maidir leis na hoibleagáidí atá ar an lia-chleachtóir ginearálta mar rialaitheoir faoi Airteagal 24 RGCS agus threoraigh sé an lia-chleachtóir ginearálta chuig an treoir atá ar fáil ar shuíomh Gréasáin an Choimisiúin. Chomh maith leis sin, dhírigh an Coimisiún aird an lia-chleachtóra ghinearálta ar an treoir cosanta sonraíó Choláiste Dhochtúirí Teaghlaigh Éireann (ICGP). 

Key Takeaway

  • Príomhthátal is ea gurb amhlaidh, nuair atá eagraíocht ag aistriú aon chóipeanna crua ina gcuimsítear sonraí pearsanta, amhail nuair atá sí ag bogadh chuig áitreabh nua, nach mór di na rioscaí féideartha uile a chur san áireamh agus a chinntiú go bhfuil bearta cuí teicniúla agus eagraíochtúla i bhfeidhm chun na rioscaí a chosc nó a mhaolú.