Cás-Staidéir Fógra Sáraithe Sonraí

 

Cailleadh comhaid pháipéir agus iad faoi bhealach

Thug an rialaitheoir sonraí, ar comhlacht poiblí é, fógra don Choimisiún faoi theagmhas a bhain le hiompar comhad dlíthiúil cruachóipe ina raibh catagóir speisialta sonraí pearsanta agus an baol ann go dtitfeadh na sonraí pearsanta i lámha daoine aonair neamhúdaraithe.

Rinne an rialaitheoir cuideachta cúiréireachta a chonrú chun na comhaid a iompar chuig roinn eile, ach chuaigh na comhaid ar iarraidh ina dhiaidh sin agus iad faoi bhealach. Tharla sé nár choinnigh an rialaitheoir leagan cúltaca de na comhaid bhunaidh agus cailleadh sonraí pearsanta dá bharr sin . Ní raibh nósanna imeachta dóthanacha i bhfeidhm ag an rialaitheoir le haghaidh comhaid chruachóipe ina bhfuil catagóir speisialta sonraí pearsanta a bhaint agus a stóráil go slán . D’fhéadfaí an sárú a chosc sa chás seo dá mba rud é go ndearna an eagraíocht breithniú cuí ar a riachtanais agus ábhair den sórt sin á n-iompar aici chuig láthair eile agus ar na rioscaí dúchasacha atá i gceist le gníomhaíochtaí den sórt sin agus dá mba rud é gur chuir sí bearta níos sláine chun feidhme chun cosaint sonraí pearsanta a chinntiú