Cás-Staidéir Fógra Sáraithe Sonraí

 

Ábhair bheith á gcur de láimh go míchuí ag institiúid oideachais

Chuir ollscoil atá dírithe ar an eolaíocht shláinte an DPC ar an eolas maidir le sárú a tharla de bharr ábhair ina raibh sonraí pearsanta bheith curtha de láimh go míchuí.Bhí fostaí ag obair sa bhaile ar thionscadal earcaíochta. Bhí an fostaí ag obair ar chóipeanna clóbhuailte de líon iarratais ar phoist agus na CVanna a bhí a gabháil leo. D’ordaigh an eagraíocht d’fhostaithe a bhí ag obair sa bhaile priontáil a íoslaghdú agus doiciméid a scriosadh sula gcuirfí de láimh iad. Mar sin féin, chuir an fostaí na doiciméid earcaíochta in araid athchúrsála baile gan iad a scriosadh roimh ré. Mar gheall ar ghaoithe arda, scaipeadh ábhair na haraide, na doiciméid earcaíochta san áireamh.

Agus deireadh á chur lena iniúchadh maidir leis an sárú, rinne an DPC líon moltaí . Ní ar chleachtais oibre na bhfostaithe amháin a díríodh na moltaí seo, ach ar an ngné ba thábhachtaí, arbh é sin bearta teicniúla agus eagraíochtúla an rialaitheora . Cé go bhfuil sé tábhachtach go dtuigfeadh baill foirne dea-chleachtais maidir le cosaint sonraí agus go gcuirfeadh siad i bhfeidhm iad, is ar an rialaitheoir atá an fhreagracht a chinntiú go ndéanann siad amhlaidh agus go bhfuil bealach acu — lena n-áirítear gairis ar nós stiallairí, nuair is cuí — d’fhonn an caighdeán cosanta riachtanach a chomhlíonadh .

Key Takeaway

  • Tá an cás seo ina léiriú freisin go bhféadfaí, trí oibriú sa bhaile, timpeallacht oibre nó nósanna daoine a athrú ar bhealaí ina bhféadfadh rioscaí bheith i gceist do shonraí pearsanta.
  • Ní i gcónaí a bhíonn saoráidí oifige, ar nós stialladh faoi rún, priontáil shlán nó seomraí príobháide- acha le haghaidh pléití fiú — ar fáil nó indéanta sa bhaile. Dé réir mar a thiocfaidh méadú ar an líon daoine atá ag obair ó chian, beidh ar rialaitheoirí a n-acmhainní, beartais agus nósanna imeachta a athbhreithniú agus a chur in oiriúint lena chinntiú go bhfuil siad leordhóthanach do rioscaí a bhaineann leis an timpeallacht ina dtagann siad chun cinn .

.