Cás-Staidéir Gearáin Trasteorann
TikTok agus comhoibriú le húdaráis cosanta sonraí AE eile
Le linn na bliana 2021, fuair an DPC iarrataí GDPR Airteagal 61 ar chúnamh frithpháirteach ó údaráis cosanta sonraí na hÍsiltíre agus na Fraince. I ngach aon cheann de na hiarrataí sin, iarradh ar an DPC tuilleadh imscrúdaithe a dhéanamh ar roinnt ábhair imní maidir leis an bpróiseáil a dhéanann TikTok ar shonraí pearsanta a úsáideoirí, go háirithe úsáideoirí linbh.
Bhí na húdaráis bhainteacha ag déanamh imscrúdú ar TikTok sular lonnaigh an chuideachta a príomhbhunaíocht (ceanncheathrú AE) in Éirinn i mí Iúil 2020, ar ina dhiaidh Mar thoradh air sin, chinn údaráis na hÍsiltíre agus na Fraince nach raibh siad inniúil a thuilleadh imscrúdú a dhéanamh ar TikTok agus d’aistrigh siad a gcomhaid imscrúdaithe ar an mbonn sin, ag iarraidh ar an DPC tuilleadh imscrúdaithe a dhéanamh . Mar gheall ar na himscrúduithe seo, agus mar gheall gur aithin an DPC féin ábhair imní bharrthábhachtacha trí rannpháirtíocht ghníomhach le TikTok sa bhliain 2021, chuir an DPC tús le dhá fhiosrúchán dá thoil féin de bhun Alt 110 den Acht um Chosaint Sonraí 2018 maidir le TikTok bheith ag comhlíonadh riachtanais an GDPR .