Cás-Staidéir Gearáin Trasteorann
Rún Cairdiúil ar Ghearán Trasteorann maidir le hIarratas Cirt chun Scriosta
Fuair an Coimisiún gearán ó dhuine aonair maidir le láimhseáil iarratas scriosta faoi Airteagal 17 RGCS. Bhí iarraidh léirscriosta déanta ag an duine aonair sin chun go léirscriosfadh rialtóir a chuntas agus aon sonraí pearsanta iartheachtacha ar leis iad. Luaigh an duine aonair sa chomhfhreagras a sheol sé chuig an gCoimisiún freisin gur chaill sé rochtain ar an gcuntas a bhí i gceist agus, dá bhrí sin, nach raibh sé in ann an cuntas a scriosadh as a stuaim féin trí úsáid a bhaint as uirlis féinscriosta rialtóir mar gheall ar neamh-inrochtaineacht. Thaisc an duine aonair an gearán uaidh le Meta go díreach ar dtús, ach bhí sé míshásta leis an bhfreagra a thug rialtóir ar an iarraidh uaidh. Mar sin, rinne an duine aonair teagmháil leis an gCoimisiún maidir lena ábhair imní, agus cabhair á lorg chun léirscriosadh an chuntais agus na sonraí pearsanta gaolmhara a fháil.
Shainaithin an Coimisiún an gearán a bheith ina ghearán a d’fhéadfaí a réiteach go cairdiúil faoi alt 109(2) den Acht um Chosaint Sonraí, 2018. Thosaigh an Coimisiún scrúdú ar an ngearán trí theagmháil a dhéanamh le rialtóir agus trí mhionsonraí an ghearáin a leagan amach.
Sa fhreagra uaidh chuig an gCoimisiún, luaigh Meta go raibh an chuma air nach raibh an duine aonair in ann a chuntas a rochtain, mar a mhaígh an duine aonair sa ghearán uaidh. Chun cabhrú leis an duine aonair an cuntas a bhí i gceist a scriosadh, rinne Meta teagmháil leis an duine aonair go díreach de bharr an chaidrimh leis an gCoimisiún, agus cabhraigh sainfhoireann Meta leis an duine aonair rochtain ar a chuntas a fháil ar ais. D’fhág sé sin go raibh an duine aonair in ann ansin tús a chur leis an bpróiseas um a chuntas agus a shonraí pearsanta gaolmhara a fhéinscriosadh. Chuir an duine aonair in iúl don Choimisiún ina dhiaidh sin go raibh a ghearán réitithe.