Cás-Staidéir Gearáin Trasteorann
Réitíodh go Cairdiúil Gearán Trasteorann a bhain le hIarraidh ar Chuideachta Airgeadais ar Líne ar an gCeart go nDéanfaí Léirscriosadh
Bhain an gearán seo le hiarraidh léirscriosta a rinne duine aonair sa Ghearmáin ar chuideachta airgeadais ar líne atá lonnaithe in Éirinn de bhun Airteagal 17 RGCS. Thaisc an duine aonair an gearán uaidh ar dtús trí Údarás Cosanta Sonraí na Réine Thuaidh-Westphalia, a tharchuir an gearán ansin chuig an gCoimisiún mar Phríomhúdarás Maoirseachta.
Fuair an duine aonair diúltú ón gcuideachta géilleadh don iarraidh uaidh go scriosfaí a shonraí pearsanta ó bhunachar sonraí na cuideachta. Chuir an chuideachta in iúl don iarrthóir go raibh oibleagáid dhlíthiúil uirthi lenar ceanglaíodh uirthi na sonraí a choinneáil, de réir Airteagal 17(3)(b) RGCS. Chuir an duine aonair ábhair imní in iúl sa ghearán uaidh toisc nár sholáthair an chuideachta tuilleadh faisnéise maidir leis an mbunús lena diúltú géilleadh don iarraidh uaidh ná faisnéis maidir le cá fhad a choinneodh sí a shonraí.
Tar éis dó an gearán a fháil, rinne an Coimisiún caidreamh leis an gcuideachta. Le linn an chaidrimh sin, fuarthas amach go raibh an chuideachta ina heintiteas rialáilte airgeadais ar ceanglaíodh uirthi leis an dlí na sonraí pearsanta a bhaineann le cuntais dhúnta a choinneáil ar feadh tréimhse seacht mbliana agus gurb amhlaidh, ar dhul in éag don tréimhse sin, a scriosann sí na sonraí pearsanta a bhaineann le cuntas dúnta. Mar chuid den phróiseas réitigh chairdiúil, dheimhnigh an chuideachta an dáta ar a scriosfaí sonraí an duine aonair agus dheimhnigh sí go mbeadh sonraí pearsanta an duine aonair á gcumhdach go dtí an uair sin a d’fhéadfadh sí an iarraidh léirscriosta a chomhlíonadh.
Chuir an Coimisiún an fhaisnéis sin in iúl don duine aonair trí Údarás Cosanta Sonraí na Réine Thuaidh-Westphalia. Thug an duine aonair freagra, á dheimhniú gur réitíodh an gearán cosanta sonraí uaidh leis an bhfaisnéis a sholáthair an Coimisiún, agus ghabh sé buíochas leis an gCoimisiún as a chabhair maidir leis an ní a réiteach.