Cás-Staidéir Gearáin Trasteorann
Réiteach cairdiúil maidir le gearáin trasteorann: iarraidh ar rochtain a rinneadh le Airbnb
Fuair an DPC gearán i Meán Fómhair na bliana 2020 a bhain le hiarraidh ar rochtain (faoi Airteagal 15 den GDPR), a bhí déanta ag an ngearánach le Airbnb Ireland UC (“Airbnb”). Rinne duine aonair atá lonnaithe i Málta gearán go díreach leis an DPC. Nuair a rinne an DPC an gearán a mheas, measadh gur gearán trasteorann a bhí i gceist mar gur bhain sé le polasaithe oibriúcháin ginearálta Airbnb, agus mar sin, ós rud é go bhfuil Airbnb ar fáil ar fud an AE, measadh, i leith an ghearáin a ndearnadh maidir leis an bpróiseáil, go raibh “éifeacht shubstainteach ag an bpróiseáil sin ar ábhair sonraí i níos mó ná Ballstát amháin nó gur dóchúil go mbeidh éifeacht shubstainteach aici orthu” (de réir an tsainmhínithe ar phróiseáil trasteorann faoi Airteagal 4(23) den GDPR).
Chuir an gearánach iarraidh ar rochtain ar aghaidh chuig Airbnb . Rinne Airbnb an iarraidh ar rochtain seo a éascú trí nasc chuig comhad rochtana ina raibh a chuid sonraí pearsanta a chur ar fáil don ghearánach . Mar sin féin, nuair a thriail an gearánach úsáid a bhaint as an nasc, ní raibh sé ag feidhmiú . Ina theannta sin, bhí frustrachas ar an ngearánach faoi chomh deacair is a bhí sé aige teagmháil a dhéanamh le Airbnb faoin ábhar seo . Chuir an gearánach a ghearán ar aghaidh chuig an DPC ar an mbonn sin .
Rinne an DPC teagmháil le Airbnb agus d’iarr air iarraidh an ghearánaigh a éascú. Thug an DPC le fios go sonrach nár mhór do Airbnb a chinntiú go bhfuil nasc ar bith a chuireann sé ar aghaidh chuig gearánaigh tástáilte go hiomlán agus ag obair . I bhfreagra, mhínigh Airbnb gur sheol siad nasc athnuaite ar aghaidh chuig an ngearánach chomh luath is a fuair siad amach nach raibh an chéad nasc ag obair agus nach raibh sé ar eolas acu go raibh fadhbanna ag an ngearánach rochtain a fháil ar an dara nasc sin . Mar sin féin, ar mhaithe le réiteach cairdiúil a dhéanamh i leith an ghearáin, chomhaontaigh Airbnb nasc eile a chur ar fáil don ghearánach chuig an gcomhad rochtana agus go gcuirfí comhad criptithe ar aghaidh chuig an ngearánach ar ríomhphost slán .
Mar thoradh air sin, réitíodh go cairdiúil an t-ábhar de bhun alt 109(3) den Acht um Chosaint Sonraí, 2018 (“an tAcht”), agus faoi alt 109(3) den Acht measadh go raibh an gearán tarraingthe siar . Léiríonn an cásstaidéar seo an tairbhe a bhíonn i gceist — do ghearánaigh aonair — nuair a dhéanann an DPC idirghabháil trí bhíthin an phróisis réitigh chairdiúil .