Cás-Staidéir Gearáin Trasteorann

 

Réiteach cairdiúil maidir le gearáin trasteorann: Google (YouTube)

Fuair an DPC gearán i Meán Fómhair 2020, trína fhoirm ghréasáin do ghearáin, i gcoinne Google Ireland Limited (YouTube). Rinne tuismitheoir an gearán thar ceann a linbh, gearán a bhain le cainéal/cuntas YouTube. Bhí an leanbh deich mbliana d’aois nuair a socraíodh suas an cainéal/ cuntas, tráth nár thuig an leanbh na hiarmhairtí a bhain le físeáin a phostáil ar líne.

Cé gur duine a chónaíonn in Éirinn a rinne an gearán díreach chuid an DPC, ar mheasúnú an ghearáin sin measadh gur gearán trasteorann a bhí i gceist mar gur bhain sé le polasaithe oibriúcháin ginearálta YouTube agus mar sin, ós rud é go bhfuil YouTube ar fáil ar fud an AE, measadh, i leith an ghearáin a ndearnadh maidir leis an bpróiseáil, go raibh “éifeacht shubstainteach ag an bpróiseáil sin ar ábhair sonraí i níos mó ná Ballstát amháin nó gur dóchúil go mbeidh éifeacht shubstainteach aici orthu” (de réir an tsainmhínithe ar phróiseáil trasteorann faoi Airteagal 4(23) den GDPR) .

Dar leis an ngearánach, ní raibh smacht ag an leanbh ar an gcuntas níos mó ós rud é go raibh a phasfhocail caillte aige agus nach raibh an cuntas in úsáid a thuilleadh . Tháinig leanaí a bhí sa rang céanna leis an leanbh ar na físeáin, áfach, físeáin a phostáil an leanbh roimhe sin agus ar cúis náire anois iad dó . Chuaigh tuismitheoir an linbh i mbun comhfhreagrais go forleathan le Google, ag lorg, i measc nithe eile, go nglanfaí an cuntas den ardán YouTube .

Chuir an tuismitheoir an URL a bhain le físeán ar leith ar an gcuntas chomh maith le URL an chuntais féin ar fáil . Chuir Google in iúl don tuismitheoir, roinnt uaireanta, gur ghlac sé beart agus gur bhain an t-ábhar den ardán . Rinne an tuismitheoir teagmháil arís agus arís eile áfach chun a thabhairt ar aird nach amhlaidh a bhí an scéal, nach raibh an t-ábhar tógtha anuas agus go raibh sé fós ar fáil ar líne . Ó tharla gur mheas sí nach ndeachthas i ngleic go cuí leis an ngearán d’ardaigh sí an cheist, mar sin, leis an DPC .

Sainaithníodh an gearán seo mar ghearán a d’fhéadfaí a réiteach go cairdiúil faoi Alt 109 den Acht um Chosaint Sonraí 2018, agus d’aontaigh an duine aonair agus an Rialaitheoir Sonraí araon go n-oibreoidís leis an DPC chun iarracht a dhéanamh teacht ar réiteach cairdiúil ar an gceist . Rinne an DPC cúlra an ghearáin a imscrúdú agus thug ar aird, de réir dealraimh, gur bhain Google anuas físeán ar leith ón gcuntas, dár cuireadh an URL ar fáil, ach níor bhain anuas an cuntas ina iomláine, a d’fhág gur fhan físeáin eile ar líne .

Chuaigh an DPC i dteagmháil le Google maidir leis an gceist agus chuir cúlra ar leith an ghearáin in iúl do Google . Ghníomhaigh Google ar an bpointe agus bhain an cuntas YouTube anuas ina iomláine . Dheimhnigh Google gur míthuiscint a bhí ann ós rud é go ndearna foireann tacaíochta Google an URL d’fhíseán ar leith a chuir an gearánach ar fáil a mheas seachas an cuntas ina iomláine, rud a bhí mícheart .

Chuir an DPC an toradh in iúl don tuismitheoir agus mhol réiteach cairdiúil maidir leis an ngearán . Ina dhiaidh sin, chuir an tuismitheoir in iúl don DPC go bhfuair sí amach le déanaí faoi chainéal YouTube eile a shocraigh a leanbh suas, cuntas eile nach raibh in úsáid, agus go raibh an leanbh ag iarraidh é a scriosadh . Mar sin, chuaigh an DPC i mbun tuilleadh comhfhreagrais le Google agus dheimhnigh Google gur ghníomhaigh sé láithreach chun an cuntas a bhaint anuas agus chuir na bearta a bhí glactha aige in iúl don tuismitheoir 

Key Takeaway

  • Leagann an cás seo béim ar go bhfuil an DPC ábalta cuidiú le hábhair sonraí le linn an phróisis réitigh chairdiúil a n-iarrataí ar leith a mhíniú don rialaitheoir sonraí, go minic ag an leibhéal cuí, nuair nár éirigh leis an gcéad teagmháil idir duine aonair agus an rialaitheoir sonraí.
  • Fágann sin freisin go bhfuil an DPC ábalta monatóireacht a dhéanamh ar chomhlíontacht na rialaitheoirí sonraí trí nóta a ghlacadh ar aon saincheist a d’fhéadfaí a bheith i gceist freisin ar fud gearán eile .