Cás-Staidéir Gearáin Trasteorann
Réiteach Cairdiúil i nGearáin Trasteorann: MTCH
Fuair an DPC gearán i Mí Mheithimh 2020, trí mheán a chuid foirmeacha gréasáin ghearáin, in aghaidh MTCH Technology Services Limited (Tinder). Cé go ndearnadh an gearán go díreach don DPC, ó chónaitheoir Éireannach, tar éis measúnaithe measadh é a bheith ina ghearán trasteorann ós rud é gur bhain sé le polasaithe ginearálta oibriochtúla Tinder agus, ós rud é go bhfuil Tinder ar fáil ar fud an AE, measadh gur chineál próiseála í an phróiseáil a ndearnadh gearán fúithi “...... a bhfuil éifeacht shubstainteach ag an bpróiseáil sin ar ábhair shonraí i níos mó ná Ballstát amháin nó gur dóchúil go mbeidh éifeacht shubstainteach aici orthu” (de réir shainmhíniú na próiseála trasteorann faoi Airteagal 4(23) den GDPR.)
Bhain an gearán le cosc an ghearánaigh ó ardán Tinder; ina dhiaidh sin bhí iarratas déanta ag an ngearánach do Tinder le go scriosfaí a chuid sonraí pearsanta faoi Airteagal 17 den GDPR . Mar fhreagra ar a iarratas scriosta, d´iarr Tinder ar an ngearánach féachaint ar a pholasaí príobháideachais chun eolas a fháil i dtaca lena chuid polasaithe coimeádta maidir le sonraí pearsanta . Go háirithe, chuir Tinder an méid seo in iúl don ghearánach “tar éis dhúnadh cuntais, cibé cúis a bheadh leis sin (scriosadh ag an úsáideoir, cosc ar an gcuntas srl .), níl sonraí an úsáideora infheicthe ar an tseirbhís níos mó (faoi réir ag cur san áireamh moille réasúnaí) agus cuirtear na sonraí de láimh de réir polasaí príobháideachais [Tinder] ” .
Bhí an gearánach míshásta leis an bhfreagra seo agus chuaigh sé ar ais go Tinder, ag déanamh iarratais go scriosfaí a chuid sonraí pearsanta . D´fhreagair Tinder, ag athdhearbhú an méid seo: “…is gnáth go scriostar sonraí pearsanta “ar scriosadh an chuntais chomhfhreagraigh”, ag lua lena chois sin go bhfuil scriosadh a leithéid de shonraí pearsanta “faoi réir ag cúiseanna dlisteanacha agus dlíthiúla amháin chun iad a choimeád, lena n-áirítear chun cloí lenár gcuid dualgas reachtúil coimeádta shonraí agus do bhunú, cleachtadh nó cosaint éileamh dlí, faoi mar a cheadaítear faoi Airteagal 17(3) den GDPR .” Ina dhiaidh sin rinne an gearánach a ghearán leis an DPC .
Tar éis don DPC dul i dteagmháil le Tinder maidir leis an ngearán seo, chuir Tinder in iúl don DPC go raibh cosc ar an ngearánach an t-ardán a úsáid ós rud é go raibh a chuid eolais logála isteach ceangailte le próifíl choiscthe eile . D´aimsigh Tinder aon chuntas déag eile freisin a bhain le comhartha aitheantais ghléas an ghearánaigh . Bhí na cuntais seo ar fad coiscthe ó ardán Tinder ós rud é go raibh an chuma ar an scéal go raibh cliant neamhoifigiúil á úsáid chun teacht ar Tinder (sin sárú ar théarmaí seirbhíse Tinder) . Chuaigh an DPC ar ais don ghearánach leis an eolas seo, agus chuir an gearánach in iúl dó go raibh cliant oifigiúil Tinder úsáidte aige do Android chomh maith le suíomh gréasáin oifigiúil Tinder ar Firefox . Faoi mar a tharla, áfach, leagan saincheaptha Android a bhí á úsáid aige ar a fhón, le roinnt forlíontán slándála agus príobháideachais . Dá thoradh sin bhí comhartha aitheantais gléis dhifriúil ag a fhón tar éis gach nuashonraithe/ athbhútála . Ba í tuairim an ghearánaigh gur dhócha gur sin ba chúis le cosc a bheith air Tinder a úsáid . Agus a leithéid de chosc á chur san áireamh, de réir pholasaí Tinder faoi choimeád sonraí, bheadh a chuid sonraí pearsanta á gcoimeád do thréimhse fhada ama .
Sna cúinsí, áfach, mar réiteach cairdiúil beartaithe, d´ofráil Tinder go scriosfadh siad sonraí pearsanta an ghearánaigh láithreach sa tslí go mbeadh sé in ann cuntas nua a oscailt .
Bhí cúis imní áirithe fós ag an ngearánach maidir leis an tslí ina dtugann Tinder freagra ar iarratais scriosta . Nuair a cuireadh in iúl dó go bhfuil a leithéid de cheisteanna á scrúdú ag an DPC mar chuid d´fhiosrúchán reachtúil ar leith, d´aontaigh an gearánach glacadh le moladh Tinder chun an gearán a réiteach go cairdiúil . Dá réir sin, réitíodh an cheist go cairdiúil de bhun Ailt 109(3) den Acht um Chosaint Sonraí 2018 (an tAcht), agus faoi Alt 109(3) den Acht measadh an gearán a bheith aistarraingthe .