Cás-Staidéir Gearáin Trasteorann
Réiteach Cairdiúil i nGearáin Trasteorann: Facebook Ireland
Fuair an DPC gearán ilghnéitheach i Mí Aibreáin 2019 a bhain le hiarratais rochtana (faoi Airteagal 15 den GDPR), coigeartú (faoi Airteagal 16 den GDPR) agus scriosadh (faoi Airteagal 17 den GDPR) a bhí déanta ag an ngearánach le Facebook Ireland Limited (“Facebook”). Rinneadh an gearán go díreach don DPC, ó ábhar sonraí atá lonnaithe sa RA. Tar éis measúnaithe sa DPC, measadh gur ghearán trasteorann a bhí sa ghearán, ós rud é gur bhain sé le polasaithe ginearálta oibríochtúla Facebook agus, mar go bhfuil Facebook ar fáil ar fud an AE, measadh gur chineál próiseála í an phróiseáil a ndearnadh an gearán fúithi ná ceann “…a bhfuil éifeacht shubstainteach ag an bpróiseáil sin ar ábhair sonraí i níos mó ná Ballstát amháin nó gur dóchúil go mbeidh éifeacht shubstainteach aici orthu” (de réir shainmhíniú na próiseála trasteorann faoi Airteagal 4(23) den GDPR).
I dtús báire rinne an gearánach a chuid iarratas do Facebook cionn is go raibh a chuntas Facebook glasáilte le breis is bliain anuas, gan aon chúis i dtuairim an ghearánaigh, agus chreid sé go raibh sonraí pearsanta míchruinne á gcoinneáil ag Facebook a bhain leis . Ba í mian an ghearánaigh, i ndeireadh na dála, go scriosfaí na sonraí pearsanta ar fad a bhí á gcoinneáil ag Facebook a bhain leis, agus ba í barúil an ghearánaigh go raibh an t-eolas míchruinn seo ag cur coisc air ó bheith in ann logáil isteach chuig a chuntas Facebook go rafar chun tús a chur leis an bpróiseas scriosta . Bhí sé tar éis iarratas rochtana a dhéanamh do Facebook, mar sin de, ach ní raibh sé in ann a chéannacht a dheimhniú ar bhealach a shásaigh Facebook . Ina dhiaidh sin rinne an gearánach a ghearán leis an DPC . Tar éis cuid mhór teagmhála ag an DPC le Facebook agus leis an ngearánach araon agus é i gceist an gearán a réiteach go cairdiúil, agus an gearánach tar éis a bheith ábalta a chéannacht a dheimhniú ar bhealach a shásaigh Facebook, d´aontaigh Facebook nasc a chur ar fáil don ghearánach ina raibh na sonraí pearsanta le fáil a bhí á gcoinneáil ag an gcomhlacht agus a bhain leis .
D´oscail an gearánach an t-ábhar sa nasc, ach bhí sé fós míshásta mar gur mhaígh sé go raibh an t-ábhar a cuireadh ar fáil easnamhach. Thug an gearánach le fios go háirithe gur mhian leis go gcuirfí ar an eolas é i dtaca le haon sonraí pearsanta á bhí á gcoinneáil ag Facebook seachas na cinn sin a próiseáladh chun a phróifíl Facebook a fheidhmiú .
Thug Facebook freagra ar an DPC, ag tabhairt le fios go raibh na sonraí cuntais ar fad a bhí á gcoinneáil ag an gcomhlacht maidir leis le fáil san ábhar a tugadh don ghearánach trí mheán an naisc . Bhí an gearánach fós míshásta leis an bhfreagra seo, ag tabhairt le fios gur mhian leis eolas a fháil maidir le haon sonraí pearsanta a bhí á gcoinneáil ag Facebook maidir leis féin nár bhain lena chuntas Facebook . Dúirt sé arís gur chreid sé gur féidir go bhfuil cuid de na sonraí pearsanta seo, a líomhnaítear go bhfuil siad á gcoinneáil ag Facebook ach nach mbaineann lena chuntas Facebook, gur féidir go bhfuil cuid acu míchruinn, agus sa chás sin ba mhian leis go ndéanfaí iad a choigeartú .
Mar fhreagra, chuir Facebook in iúl don DPC go raibh feabhsuithe áirithe déanta ag an gcomhlacht maidir leis an uirlis ´Íoslódáil do Chuid Eolais´ ó cuireadh tús leis an ngearán . Tar éis an nuashonraithe seo i dtaca lena chuid uirlisí rochtana, bhí an comhlacht tar éis cinneadh gurbh ann do mhéid an-bheag de shonraí pearsanta breise maidir le cuntas Facebook an ghearánaigh, agus cuireadh nasc nua ar fáil don ghearánach ina raibh na sonraí pearsanta ar fad le fáil a bhí á gcoinneáil ag an gcomhlacht maidir leis an ngearánach, na sonraí breise seo san áireamh . D´oscail an gearánach an t-ábhar breise seo agus lorg an gearánach, agus é i gceist aige a ghearán a réiteach, lorg sé deimhniú nach gcoinneodh Facebook aon sonraí pearsanta a bhain leis a thuilleadh tar éis do scriosadh a chuntais a bheith curtha i gcrích . Tháinig
Facebook ar ais agus é mar fhreagra acu gurbh iad na sonraí iomlána a bhí á gcoinneáil ag an gcomhlacht maidir leis an ngearánach agus a bhí laistigh de scóip Ailt 15 a bhí san ábhar a cuireadh ar fáil dó, agus thug an comhlacht le fios go rachadh sé ar aghaidh le scriosadh shonraí pearsanta an ghearánaigh nuair a thabharfadh sé le fios go raibh sé sásta go ndéanfadh an comhlacht a leithéid anois .
Bhí an gearánach sásta an cheist a thabhairt chun críche ar an mbonn seo agus, dá réir sin, réitíodh an cheist go cairdiúil de bhun Ailt 109(3) den Acht um Chosaint Sonraí 2018 (an tAcht), agus faoi Alt 109(3) den Acht measadh an gearán a bheith tarraingthe siar .
Léiríonn an cás-staidéar seo buanna — i dtaca le gearánaigh ar daoine aonair iad — idirghabháil an DPC trí mheán phróiseas an réitigh chairdiúil . Sa chás seo bhí an gearánach in ann, mar gheall ar rannpháirtíocht an DPC, a chéannacht a dheimhniú ar bhealach a shásaigh Facebook, agus sholáthair Facebook naisc dó faoi dhó ina raibh a chuid sonraí pearsanta le fáil . Bhí de thoradh ar rannpháirtíocht an DPC leis an rialaitheoir freisin gur dheimhnigh an rialaitheoir, ar bhealach a shásaigh an gearánach, go rabhthas tar éis na sonraí pearsanta ar fad a bhí le scaoileadh mar fhreagra ar iarratas Airteagail 15 a chur ar fáil dó . Tharla toradh cothrom mar gheall air sin a bhí sásúil don dá pháirtí sa ghearán .
Léiríonn an cás-staidéar seo freisin an dianinfheistíocht acmhainní atá riachtanach ó thaobh na DPA de, chun ceisteanna den chineál seo a réiteach . Tógann an gearánach sa chás seo ceist ar ábhar imní dóibh féin é agus is cuí go dtabharfaí aghaidh air sin . Is í an cheist a thógann an cás ná ar chóir nó nár chóir go mbeadh an rialaitheoir sa chás seo in ann an cheist seo a réiteach gan go mbeadh gá ann acmhainní leitheadacha DPA a úsáid chun idirghabháil a dhéanamh maidir leis an toradh .