Cás-Staidéir Gearáin Trasteorann

 

Iarraidh ar Dhíliostú de bhun Airteagal 17 RGCS

Trí mheicníocht an tSiopa Ilfhreastail (OSS), fuair an Coimisiún gearán maidir le hiarraidh ar ‘Cheart go nDéanfaí Ligean i nDearmad’ a cuireadh isteach chuig cuideachta teicneolaíochta ilnáisiúnta mhór de bhun Airteagal 17 RGCS. D’iarr an duine aonair go ndíliostófaí trí aimsitheoir aonfhoirmeacha acmhainne (URL) a tugadh mar thorthaí ar inneall cuardaigh an Rialaitheora Sonraí nuair a cuardaíodh ainm an duine aonair. Bhain na URLanna i gceist le gnólacht atá díchláraithe anois de chuid an duine aonair. Bhíothas in ann uimhir theileafóin phearsanta agus seoladh cónaithe an duine aonair a fheiceáil trí na URLanna i gceist (ós rud é gur oibrigh an duine aonair a ghnólacht roimhe ag an seoladh céanna). 

Chuir an duine aonair an iarraidh uaidh isteach, mar aon le cóip a bhí curtha in eagar dá aitheantas mar fhíorú. Mar fhreagra uaidh ar an iarraidh díliostaithe ón duine aonair, luaigh an Rialaitheoir Sonraí nach raibh an t-aitheantas a sholáthair an duine aonair inléite. Mar sin féin, ní raibh an chuma air gur bhreithnigh an Rialaitheoir Sonraí an iarraidh shubstainteach í féin agus nár mhínigh sé cé acu a bhí nó nach raibh amhras réasúnach aige maidir le céannacht an duine aonair, ná cé chomh mór is a bhí an t-amhras réasúnach sin, sa chaoi is gur ghá an iarraidh a dhéanamh ar fhaisnéis phearsanta bhreise. Ní raibh an duine aonair sásta leis an bhfreagra ón Rialaitheoir Sonraí agus rinne sé gearán ina dhiaidh sin le hÚdarás Cosanta Sonraí na Baváire (an tÚdarás Maoirseachta lenar Bhain), a d’aistrigh an gearán chuig an gCoimisiún. 

Mar fhreagairt don imscrúdú ón gCoimisiún, d’athbhreithnigh an Rialaitheoir Sonraí an iarraidh ón duine aonair agus, tar éis dó an fhaisnéis a soláthraíodh i dteannta na hiarrata a bhreithniú maidir leis na sonraí pearsanta a cuimsíodh sna URLanna, chinn an Rialaitheoir Sonraí gurbh incháilithe lena ndíliostú a bhí na URLanna a ndearnadh gearán fúthu. Mar thoradh air sin, dhíliostaigh an Rialaitheoir Sonraí na URLanna ó na torthaí a thagann i láthair nuair a chuardaítear ainm an duine aonair agus thug sé fógra ina thaobh sin don duine aonair go díreach. Luaigh an Rialaitheoir Sonraí gurbh amhlaidh, dá mba rud é go raibh ag an duine aonair aon URLanna eile nó aon téarmaí cuardaigh eile ba mhaith leis a chur isteach chun críocha aon iarrata díliostaithe, ba é an modh ab éifeachtúla agus ab éifeachtaí chun é sin a dhéanamh ná a fhoirm ar líne a úsáid. 

Thug an duine aonair freagra don Choimisiún ina dhiaidh sin chun a dheimhniú go raibh sé sásta leis na gníomhartha a rinne an Rialaitheoir. 

Key Takeaway

  • Ní mór iarrataí díliostaithe agus “ceart go ligfí i ndearmad” a mheas i gceart agus tástáil chothromaithe a dhéanamh chun a fháil amach an bhfuil leas an phobail ó thaobh rochtain a fháil ar an bhfaisnéis níos mó ná cearta an duine chun an fhaisnéis chéanna sin a scriosadh, nó a mhalairt.