Cás-Staidéir Gearáin Trasteorann
Gearán trasteorann a réitíodh trí nós imeachta comhoibrithe AE
Cúlra I mí Feabhra 2021, thaisc ábhar sonraí gearán leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí de bhun Airteagal 77 GDPR. Bhain an gearán le rialaitheoir sonraí atá lonnaithe in Éirinn. Measadh gurbh é an Coimisiún an t-údarás inniúil chun críche Airteagal 56(1) GDPR.
Bhí mionsonraí an ghearáin mar a leanas:
a . Sheol an t-ábhar sonraí ríomhphost chuig an rialaitheoir sonraí i mí Eanáir 2021 chun a iarraidh go léirscriosfaí a shonraí pearsanta .
b . Ní bhfuair an t-ábhar sonraí aon fhreagra ón rialaitheoir sonraí .
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh ar an ábhar ar dhírigh an gearánach a aird air, mheas an Coimisiún go raibh dóchúlacht réasúnach ann go bhféadfadh na páirtithe lena mbaineann ábhar an ghearáin a réiteach go neam- hfhoirmiúil laistigh de chreat ama réasúnach . Réiteach Neamhfhoirmiúil Rinne an Coimisiún caidreamh leis an ábhar sonraí agus leis an rialaitheoir sonraí araon i ndáil le hábhar an ghearáin . De bhun an chaidrimh sin, fuarthas amach gur tharla sé, le linn na seachtaine inar sheol an t-ábhar sonraí an iarraidh léirscriosta uaidh le ríomhphost chuig an rialaitheoir, gur chuir an rialaitheoir próiseas nua chun feidhme chun iarrataí léirscriosta a bhainistiú ar shlí níos fearr . D’inis an rialaitheoir sonraí don Choimisiún gurbh idirthréimhse í an tseachtain ina bhfuarthas an ríomhphost agus gur chosúil nár tugadh faoi deara é . Le linn na hidirthréimhse sin, bhí pearsana nua á n-oiliúint ar conas na cineálacha iarrataí sin a bhainistiú . Luaigh an rialaitheoir sonraí gur de dhearmad a tharla an earráid agus gurbh fhéidir gur tháinig sí as an aistriú teicniúil nó as earráid an duine . B’oth leis an earráid . Sna himthosca, d’aontaigh an rialaitheoir sonraí na gníomhartha seo a leanas a dhéanamh:
1 . D’aontaigh an rialaitheoir sonraí an iarraidh léirscriosta a chomhlíonadh; agus
2 . Ghabh an rialaitheoir sonraí leithscéal ó chroí as an earráid .
I mí Eanáir 2022, chuir an Coimisiún an t-ábhar sonraí ar an eolas faoin toradh deiridh ar an gcaidreamh a rinne sé leis an rialaitheoir sonraí . Agus é sin á dhéanamh aige, thug an Coimisiún faoi deara gur chosúil gur thug na gníomhartha a rinne an rialaitheoir sonraí aghaidh leordhóthanach ar na hábhair imní a tarraingíodh anuas sa ghearán uaidh . Sna himthosca, i gcás go raibh sé míshásta leis an toradh, d’iarr an Coimisiún ar an ábhar sonraí fógra a thabhairt dó faoi sin laistigh de dhá mhí ionas go bhféadfadh sé an ní a bhreithniú tuilleadh . An lá dár gcionn, chuir an t-ábhar sonraí an Coimisiún ar an eolas le ríomhphost gur aontaigh sé leis an réiteach neamhfhoirmiúil toisc gur réitíodh na hábhair imní a bhí aige . D’inis an t-ábhar sonraí don Choimisiún ina dhiaidh sin gur cuireadh an iarraidh léirscriosta i gcrích agus gur léirscriosadh a shonraí pearsanta . Deimhniú maidir leis an Toradh Chun críocha nós imeachta comhsheasmhachta agus comhair an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí, chuir an Coimisiún dréacht den toradh in iúl, rud inar deimhníodh na nithe seo a leanas:
- Réitíodh an gearán ina iomláine ar shlí chairdiúil idir na páirtithe lena mbaineann;
- Ba é an toradh a bhí ar an réiteach aontaithe ná nárbh ann d’ábhar an ghearáin a thuilleadh .
Ní bhfuarthas aon agóidí ábhartha réasúnaithe ó na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann maidir leis an dréacht, agus dhún an Coimisiún an comhad sa chás seo ina dhiaidh sin .