Cás-Staidéir Gearáin Trasteorann

 

Gearán Trasteorann maidir le hIarraidh Rochtana chuig Ardán Mór Meán Sóisialta

Fuair an Coimisiún gearán tríd an sásra maidir le hIonaid Ilfhreastail i ndáil le hiarraidh rochtana a rinneadh chuig ardán mór meán sóisialta (Rialaitheoir Sonraí) de bhun Airteagal 15 RGCS. 

Thug an duine aonair faoi deara gur chosúil gur haiceáladh a chuntas leis an Rialaitheoir Sonraí agus gur dhíchumasaigh an Rialaitheoir Sonraí an cuntas ina dhiaidh sin. Rinne an duine aonair iarraidh rochtana chuig an Rialaitheoir Sonraí chun cóip a fháil dá shonraí. Threoraigh an Rialaitheoir Sonraí an duine aonair chuig tacar uirlisí féinseirbhíse inar leagadh amach conas a shonraí a rochtain agus a íoslódáil. 

Ní raibh an duine aonair in ann leas a bhaint as na huirlisí féinseirbhíse sin,  áfach, mar gheall ar an srian a cuireadh ar a chuntas. Tar éis an tsaincheist seo  a tharraingt anuas leis an Rialaitheoir Sonraí, fuair an duine aonair tuilleadh comhfhreagrais ón Rialaitheoir Sonraí á mhíniú gurbh amhlaidh, ar chúiseanna slándála, nach raibh sé in ann an cuntas a chur ar ais ná cóip de na sonraí a sholáthar. D’inis an Rialaitheoir Sonraí dó freisin gur mheas sé an cás a bheith dúnta. 

Tar éis an gearán a fháil, chuir an Coimisiún tús le scrúdú ar an ngearán i gcomhar leis an Rialaitheoir Sonraí de bhun alt 109 den Acht um Chosaint Sonraí. Mar fhreagra ar an scrúdú sin, tharchuir an Rialaitheoir Sonraí an cuntas chuig a fhoireann inmheánach le haghaidh tuilleadh imscrúdaithe. Dheimhnigh an fhoireann sin go raibh an chuma ar an scéal gur cuireadh an cuntas i gcontúirt agus gur díchumasaíodh an cuntas mar thoradh ar ghníomhaíocht a tharla ar an gcuntas le linn na tréimhse ina raibh sé i gcontúirt. Dá réir sin, d’aontaigh an Rialaitheoir Sonraí díchumasú chuntas an duine aonair a chealú agus cabhrú leis an duine aonair rochtain a athghnóthú. A luaithe a d’athghnóthaigh an duine aonair rochtain iomlán ar a chuntas, d’inis an Rialaitheoir Sonraí dó conas a d’fhéadfadh sé na huirlisí féinseirbhíse a rochtain chun teacht ar chóip dá shonraí agus iad a íoslódáil dá mba mhian leis é sin a dhéanamh go fóill.

I bhfianaise na ngníomhartha thuas, dheimhnigh an t-ábhar sonraí don Choimisiún ansin gur mheas sé an gearán uaidh a bheith réitithe.

Key Takeaway

  • Léirítear sa chás seo an gá atá lena chinntiú go bhfuil bearta cuí i bhfeidhm ionas gur féidir le hábhair sonraí a gcearta a fheidhmiú. Léirítear ann freisin nach bhfuil sé cuí i ngach cás daoine aonair a threorú chuig uirlisí féinseirbhíse mar fhreagra réamhshocraithe ar iarraidh rochtana ionas gur féidir leo a gcearta a fheidhmiú. Is fíor sin go háirithe i gcás nach bhfuil duine aonair in ann leas a bhaint as na huirlisí féinseirbhíse ar aon chúis, mar shampla i gcás gur haiceáil tríú páirtí cuntas agus gur chuir an rialaitheoir srian ar an gcuntas dá dheasca sin.