Cás-Staidéir Gearáin Trasteorann

 

Gearán Trasteorann maidir le hIarraidh Díliostaithe

Fuair an Coimisiún gearán tríd an sásra maidir le hIonaid Ilfhreastail i ndáil le hiarraidh díliostaithe a rinneadh chuig cuideachta ilnáisiúnta teicneolaíochta mhór (Rialaitheoir Sonraí) faoin “gceart go ndéanfaí ligean i ndearmad” de bhun Airteagal 17 RGCS. 

Rinne an duine aonair teagmháil leis an Rialaitheoir Sonraí á iarraidh go ndéanfaí roinnt URLanna a dhíliostú. Rinneadh cur síos in inneachar na URLanna sin ar na heachtraí a thit amach i scoil ar a raibh an duine aonair ina phríomhoide. Mhínigh an duine aonair nach pearsa phoiblí é agus nach raibh sé ina phríomhoide ar an scoil lena mbaineann a thuilleadh. Mhaígh an duine aonair gur mhícheart a bhí roinnt mhaith de na ‘fíorais’ a luadh san alt. Tagraíodh san alt freisin do shonraí áirithe catagóire speisialta a bhaineann leis an duine aonair, ar shonraí iad a mhaígh an duine aonair a bheith mícheart freisin. Luaigh an duine aonair nach bhfuair sé aon fhreagra ón Rialaitheoir Sonraí, agus chuir sé gearán isteach.

Tar éis an gearán a fháil, chuir an Coimisiún tús le scrúdú ar an ngearán i gcomhar leis an Rialaitheoir Sonraí de bhun alt 109 den Acht um Chosaint Sonraí. Mar fhreagra ar scrúdú an Choimisiúin, mhínigh an Rialaitheoir Sonraí nach raibh sé in ann, tar éis imscrúdú fairsing a dhéanamh, aon taifead ar an iarraidh díliostaithe ón duine aonair a aimsiú. Dhearbhaigh an Rialaitheoir Sonraí nár dhiúltaigh sé don iarraidh díliostaithe; ina ionad sin, ní raibh sé ar an eolas faoin iarraidh roimh an idirghabháil ón gCoimisiún. 

De bhun scrúdú an Choimisiúin, rinne an Rialaitheoir Sonraí measúnú substainteach ar an iarraidh ón duine aonair. Cé go raibh sé cinnte go raibh na URLanna a ndearnadh gearán fúthu neamh-incháilithe dá ndíliostú ar roinnt cúiseanna (e.g., toisc nach raibh iontu aon sonraí pearsanta a bhaineann leis an duine aonair, agus toisc nach bhfuarthas aon torthaí sna leaganacha dá inneall cuardaigh sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (ná sa Ríocht Aontaithe) nuair a cuardaíodh na hainmneacha a tugadh), chinn an Rialaitheoir Sonraí go bhféadfadh roinnt URLanna eile a bheith incháilithe dá ndíliostú, faoi réir soiléirithe breise a fháil ón duine aonair maidir le hinneachar na URLanna sin.

Chuaigh an Rialaitheoir Sonraí i dteagmháil leis an duine aonair go díreach, agus é ag tabhairt breac-chuntas ar thorthaí an mheasúnaithe a rinne sé agus ag rá go dteastódh tuilleadh faisnéise uaidh chun cinneadh deiridh a dhéanamh ar aniarraidh díliostaithe. Lean an Rialaitheoir Sonraí le caidreamh a dhéanamh leis an duine aonair ina leith sin, agus scríobh an duine aonair chuig an gCoimisiún ina dhiaidh sin chun a dheimhniú go bhfuil na URLanna a ndearnadh gearán fúthu díliostaithe chun a shástachta anois agus go bhfuil an ní réitithe. 

Key Takeaway

  • Is gá cuid mhór gnéithe a bhreithniú le linn measúnú a dhéanamh ar iarraidh díliostaithe faoin “gceart go ndéanfaí ligean i ndearmad” de bhun Airteagal 17 RGCS. Ní mór don rialaitheoir sonraí tástáil cothromúcháin a dhéanamh chun a shuí cé acu is mó leas an phobail i rochtain a fháil ar an bhfaisnéis lena mbaineann ná an ceart atá ag an duine aonair go ndéanfaí an fhaisnéis sin a léirscriosadh, agus aird á tabhairt ar na tosca ábhartha uile a chuirtear i láthair sa chás lena mbaineann. Sa ghearán ar leith seo, rinne an Rialaitheoir Sonraí measúnú cuimsitheach tar éis na hidirghabhála ón gCoimisiún. Mar thoradh ar an measúnú sin, bhí sé in ann an gearán a réiteach chun sástacht an duine aonair.