Cás-Staidéir Gearáin Trasteorann

 

Feidhmiú Nós Imeachta Airteagail 60 I nGearáin Trasteorann: Groupon

Fuair an DPC gearán i Mí Iúil 2018 ó údarás cosanta sonraí na Polainne ar son gearánaigh Pholannaigh in aghaidh Groupon International Limited (“Groupon”). Bhain an gearán leis na riachtanais a bhí i bhfeidhm ag Groupon ag an am sin chun céannacht daoine aonair a dheimhniú a rinne iarratais chosanta sonraí don chomhlacht. Sa chás seo, mhaígh an gearánach go raibh cleachtas Groupon, is é sin ceangal a chur orthu a gcéannacht a dheimhniú trí chur isteach leictreonach chóip chárta náisiúnta aitheantais, i gcomhthéacs iarratais a bhí déanta acu chun sonraí pearsanta a scriosadh de bhun Airteagail 17 den GDPR, ina shárú ar phrionsabal an íoslaghdaithe shonraí faoi mar a leagtar sin amach in Airteagal 5(1) (c) den GDPR, i gcúinsí nuair nár ghá doiciméad aitheantais a sholáthar agus cuntas Groupon á chruthú. Ina theannta sin, mhaígh an gearánach gur shárú ar a gceart ar scriosadh faoi Alt 17 a bhí i dteip Groupon ina dhiaidh sin gníomhú maidir leis an iarratas scriosta (i gcúinsí nuair a chuir an duine in aghaidh cóip dá gcárta náisiúnta aitheantais a sholáthar).

Chuir an DPC tús le himscrúdú an ghearáin tar éis dó sin a fháil . Le linn a chomhfhreagrais le Groupon faoin gceist, ba léir gur éiríodh as polasaí Groupon ceangal a chur ar iarratasóir cóip a sholáthar de chárta náisiúnta aitheantais, a bhí i bhfeidhm roimh theacht i bhfeidhm an GDPR (agus a bhí i bhfeidhm ag am iarratas scriosta an ghearánaigh), gur éiríodh as sin ó Mhí Dheireadh Fómhair 2018 ar aghaidh . Ina áit sin bhí Groupon tar éis córas fíord- heimhnithe r-phoist a chur i bhfeidhm a lig d´úsáideoirí Groupon deimhniú gur leo an cuntas . Rinne an DPC iarracht an gearán a réiteach go cairdiúil (de bhun Ailt 109(2) den Acht um Chosaint Sonraí 2018) ach ní raibh an gearánach toilteanach glacadh le moltaí Groupon maidir leis sin . Dá réir sin, b´éigean cinneadh a dhéanamh faoin gceist trí chinneadh faoi Airteagal 60 den GDPR .

 

  1. Dréachtchinneadh Tosaigh

Bhí i gceist le chéad chéim phróiseas Ailt 60 ná ullmhú dréachtchinnidh ag an DPC i dtaca leis an ngearán. Ina dhréachtchinneadh tosaigh, rinne an DPC cinntí gur sáraíodh Airteagail 5(1)(c) agus 12(2) den GDPR ag Groupon . Chuir an DPC an dréachtchinneadh ar fáil do Groupon le cur ar a chumas aighneachtaí a dhéanamh . Ina dhiaidh sin rinne Groupon roinnt aighneachtaí a cuireadh san áireamh (in éineacht le hanailís an DPC díobh) i leagan breise den dréachtchinneadh .

 

  1. Soláthar an Dréachtchinnidh Thosaigh do na hÚdaráis Mhaoirseachta Ábhartha

Bhí i gceist le dara céim phróiseas Ailt 60 uaslódáil dréachtchinneadh tosaigh an DPC don IMI lena scaipeadh i measc na nÚdarás Maoirseachta Ábhartha (CSA), de bhun Airteagail 60(3) den GDPR . Rinneadh dréachtchinne- adh an DPC a uaslódáil don IMI ar 25 Bealtaine 2020; de bhun Airteagail 60(4) den GDPR, ina dhiaidh sin bhí ceithre seachtaine ag na CSA chun aon agóid ábhartha agus réasúnach a chur isteach maidir leis an gcinneadh .

Ina dhiaidh sin fuair an DPC roinnt agóidí ábhartha agus réasúnacha chomh maith le tuairimí faoina chinneadh ó CSA . Go sonrach, rinne CSA áirithe an cás dó gur chóir sáruithe breise den GDPR a bheith aimsithe, agus ina theannta sin gur chóir iomardú agus/nó fíneáil riaracháin a bheith curtha i bhfeidhm .

 

  1. Dréachtchinneadh Athbhreithnithe

Chuir an chéad chéim eile de phróiseas Ailt 60 iachall ar an DPC machnamh cúramach a dhéanamh faoi gach agóid ábhartha agus réasúnach agus gach tuairim a fuarthas i dtaca lena dhréachtchinneadh, agus a anailís de na rudaí sin a chorprú i ndréachtchinneadh athbhreithnithe . Agus é ag athbhreithniú a dhréachtchinnidh, thug an DPC aird ar chuid de na hagóidí ábhartha agus réasúnacha a fuarthas, ach níor thug sé aird ar agóidí ábhartha agus réasúnacha áirithe eile . Fuair dréachtchinneadh athbhreithnithe an DPC, agus é ag cur san áireamh a anailís ar na hagóidí ábhartha agus réasúnacha agus na tuairimí maidir lena dhréachtchinneadh, fuair sé sáruithe breise ar Airteagail 17(1)(a) agus 6(1) den GDPR ag Groupon . Ina theannta sin, mhol an DPC ina dhréachtchinneadh athbhreithnithe iomardú a thabhairt do Groupon, de bhun Airteagail 58(2)(b) den GDPR . Sholáthair an DPC a dhréachtchinne- adh athbhreithnithe do Groupon chun cur ar a chumas aighneachtaí deiridh a dhéanamh . Fuarthas roinnt aigh- neachtaí deiridh ó Groupon, a cuireadh san áireamh (in éineacht le hanailís an DPC díobh) i ndréachtchinneadh athbhreithnithe an DPC .

 

  1. Soláthar Dréachtchinnidh Athbhreithnithe chuig na hÚdaráis Mhaoirseachta Ábhartha

Bhí i gceist le chéad chéim eile phróiseas Airteagail 60 gur uaslódáil an DPC a dhréachtchinneadh athbhreithnithe don IMI, lena scaipeadh i measc na CSA . Faoi Airteagal 60(5) den GDPR, bhí na CSA i dteideal dhá sheachtain bhreise a bheith acu chun aon agóidí breise a chur isteach maidir leis an gcinneadh . Tógadh saincheist amháin eile maidir le dréachtchinneadh athbhreithnithe an DPC . Mar gheall air sin b´ann don fhéidearthacht go mbeadh gá ann leis an nós imeachta Réitigh Achrainn a úsáid faoi Airteagal 65 den GDPR, a thabharfadh isteach rannpháirtíocht an EDPB, agus é ag tabhairt breithe faoin bpointe/ faoi na pointí easaontais, agus a chuirfeadh leis an tréimhse ama inarbh fhéidir an cinneadh a chomhlánú i dtaca leis an gcás. Aistarraingíodh an fiosrúchán breise ina dhiaidh sin, áfach .

 

  1. Glacadh leis an gCinneadh Deiridh

Tar éis aistarraingt na hagóide deiridh ábhartha agus réasúnaí, agus an spriocdháta thart chun aon agóidí breise a fháil, bhí i gceist le céim dheiridh phróiseas Airteagail 60 gur ghlac an DPC leis an gcinneadh deiridh, a ndearnadh é a uaslódáil don IMI agus a cuireadh in iúl do Groupon . Rinneadh an cinneadh deiridh a uaslódáil ar 16 Nollaig 2020 . De réir Airteagail 60(6) den GDPR, measadh go raibh na CSA ar aon tuairim ag an bpointe seo leis an gcinneadh agus go raibh orthu cloí leis . De bhun Airteagail 60(7), bhí údarás cosanta sonraí na Polainne, ar taisceadh an gearán leis i dtús báire, freagrach as an gcinneadh a chur in iúl don ghearánach .

Mar achoimre, fuair an DPC sáruithe na nAirteagal seo a leanas den GDPR maidir leis an gcás seo: Airteagail 5(1)(c), 12(2), 17(1)(a) agus 6(1) 

Key Takeaway

  • Léiríonn an cás-staidéar seo, nuair nach féidir gearán cosanta sonraí trasteorann a réiteach go cairdiúil, go bhfuil an nós imeachta Airteagail 60 a leanann dá bharr sin an-chasta, an-deacair agus an-fhadálach, go háirithe ós rud é gur gá tuairimí na n-údarás maoirseachta eile ar fud an AE/LEE a chur san áireamh agus machnamh cúramach a dhéanamh fúthu i ngach cás dá leithéid.
  • Sa chás seo, tar éis tabhairt chun críche imscrúdú an ghearáin, rinneadh dréacht tosaigh chinneadh an DPC a uaslódáil don IMI ar 25 Bealtaine 2020, agus glacadh leis an gcinneadh deiridh — a chorpraíonn aighneachtaí ó Groupon, agóidí ábhartha agus réasúnacha agus tuairimí ó CSA, agus anailís an DCA díobh — glacadh leis ar 16 Nollaig 2020, seacht mí níos déanaí .