Cás-Staidéir Gearáin Trasteorann

 

Iarraidh léirscriosta ó ábhar sonraí Gréagach chuig Tinder, rud ar láimhseáil an Coimisiún é mar Phríomhúdarás Maoirseachta

Baineann an cás-staidéar seo le gearán a fuair an Coimisiún tríd an sásra maidir le hIonaid Ilfhreastail, a cruthaíodh leis an Rialachán Ginearálta, ó dhuine aonair maidir le hiarraidh léirscriosta a rinne sé chuig MTCH Technology Services Limited (Tinder). Mar fhaisnéis chúlra, chuir Tinder cuntas an duine aonair ar fionraí. Tar éis na fionraí sin, chuir an duine aonair iarraidh faoi bhráid Tinder faoi Airteagal 17 RGCS, á iarraidh go léirscriosfaí na sonraí pearsanta uile a sealbhaíodh i ndáil leis. Nuair a rinne sé teagmháil le Tinder, chuir an duine aonair in iúl freisin gur fadhb é nach féidir teagmháil dhíreach a dhéanamh le hoifigeach cosanta sonraí Tinder. Toisc nach raibh an duine aonair sásta leis an bhfreagra a fuair sé ó Tinder, rinne sé gearán le hÚdarás Maoirseachta na Gréige.

Mhaígh an duine aonair nár thug Tinder aghaidh chuí ar an iarraidh léirscriosta uaidh ná ar na hábhair imní a bhí aige maidir le cainéil an oifigigh cosanta sonraí a rochtain . Ós rud é gurb é an Coimisiún an Príomhúdarás Maoirseachta do Tinder, chuir Údarás Maoirseachta na Gréige an gearán ar aghaidh chuige lena láimhseáil aige . Sainaithníodh an gearán a bheith ina ghearán a d’fhéadfaí a réiteach go cairdiúil faoi alt 109 den Acht um Chosaint Sonraí, 2018 . D’aontaigh Tinder obair i gcomhar leis an gCoimisiún chun an gearán ón duine aonair a réiteach go cairdiúil . Chuir an Coimisiún substaint an ghearáin in iúl do Tinder agus rinne sé caidreamh leis . Mar fhreagra, agus mar réiteach cairdiúil beartaithe, dúirt Tinder go ndéanfadh sé athbhreithniú úr ar an toirmeasc a bhí ina ábhar don chás seo . Tar éis an athbhreithnithe sin, chinn Tinder deireadh a chur leis an toirmeasc . Tar éis do Tinder deireadh a chur le toirmeasc, cumasaítear do dhuine aonair a c(h)untas ar an ardán a rochtain an athuair . Is féidir leis an duine aonair a chinneadh ansin cé acu is mian nó nach mian leis/léi na huirlisí féinscriosta a úsáid chun a c(h)untas a léirscriosadh ó ardán Tinder . Mar aon leis an méid thuas, sholáthair Tinder faisnéis don duine aonair faoina bheartais choinneála . Maidir leis an gcumas atá ag daoine aonair teagmháil a dhéanamh lena oifigeach cosanta sonraí, tharla sé, de bhun an chaidrimh a rinne an Coimisiún le Tinder, gur aontaigh Tinder na próisis a bhí i bhfeidhm aige a neartú trí leathanach tiomnaithe ceisteanna coitianta a phostáil ar a ardán . Tugtar do dhaoine aonair ar an leathanach sin anois faisnéis bhreisithe faoi shaincheisteanna sonracha a bhaineann le sonraí pearsanta a phróiseáil agus leis na cearta sin a fheidhmiú go díreach le hoifigeach cosanta sonraí Tinder. Trí Údarás Maoirseachta na Gréige, chuir an Coimisiún an duine aonair ar an eolas faoi na gníomhartha a rinne Tinder . Sa fhreagra uaidh, dheimhnigh an duine aonair go raibh sé sásta an ní a thabhairt i gcrích . Mar sin, réitíodh an ní go cairdiúil de bhun alt 109(3) den Acht um Chosaint Sonraí, 2018 (an tAcht), agus measadh an gearán a bheith tarraingthe siar .

Key Takeaway

  • Léirítear arís eile sa chás-staidéar seo na tairbhí a bhaineann gearánaigh aonair as idirghabháil ón gCoimisiún tríd an bpróiseas réitigh chairdiúil . Ba é an toradh a bhí ar an gcaidreamh a rinne an Coimisiún leis an rialaitheoir freisin gur chuir Tinder feabhas ar an bhfaisnéis a chuireann sé ar fáil do na húsáideoirí uile ar a ardán.