Cás-Staidéir CCTV

 

TCI a úsáid chun faireachán a dhéanamh ar limistéar feithimh gan bearta trédhearcachta leordhóthanacha

Bhí duine aonair fostaithe i gclinic liachta, a bhain leas as píosaí scannáin TCI den seomra feithimh chun amanna feithimh othar a mheasúnú. Le linn don chlinic liachta na píosaí scannáin TCI a athbhreithniú i láthair an fhostaí, fuair an fostaí amach gur taifeadadh a íomhá leis an gcóras TCI ar fud a fhostaíochta ar fad gan é a bheith ar an eolas faoi sin. Rinne an duine aonair iarracht an tsaincheist a réiteach leis an gclinic liachta, ach ní raibh sé sásta ar deireadh leis an bhfreagra a fuair sé. Rinne sé gearán leis an gCoimisiún ansin. 

Chuaigh an Coimisiún i dteagmháil leis an gclinic liachta chun a fhiafraí de cén bunús dlí a bhí aige do shonraí pearsanta a phróiseáil ar an mbealach seo. Thug an clinic liachta le fios go raibh beartas TCI i bhfeidhm aige sular thosaigh an duine aonair ag obair leis agus go raibh sé mar chuspóir leis an gcóras TCI sláinte agus sábháilteacht a chuid ball foirne agus cliant a chinntiú. D’iarr an Coimisiún cóip den bheartas TCI agus, le linn dó an beartas a athbhreithniú, thug sé faoi deara gur dréachtaíodh an beartas roimh thabhairt isteach RGCS agus nár tugadh é cothrom le dáta ó shin i leith. 

Trí chaidreamh a dhéanamh leis an duine aonair, shuigh an Coimisiún nár cuireadh an duine aonair ar an eolas go raibh TCI i bhfeidhm i gcónaí, lenar áiríodh sna limistéir inar oibrigh sé, nuair a chuaigh sé isteach sa chlinic den chéad uair. Bhí comhartha beag amháin ann ar dhoras isteach an chlinic á rá go raibh TCI i bhfeidhm, ach níor sonraíodh air go raibh na ceamaraí TCI ag taifeadadh laistigh d’fhoirgneamh an chlinic. 

Le linn don Choimisiún scrúdú a dhéanamh ar an ngearán, ghlac an clinic liachta bearta chun srian a chur le taifeadadh ag an gcóras ionas nach mbeadh sé i bhfeidhm le linn uaireanta gnó a thuilleadh. 

Sa chás seo, chinn an Coimisiún nár thug an clinic liachta bunús dleathach bailí faoi Airteagal 6 RGCS don chineál faireacháin seo. Níor chomhlíon an clinic liachta na hoibleagáidí trédhearcachta atá air faoi Airteagal 13 RGCS ach oiread, toisc nár chuir sé in iúl do dhaoine aonair tráth ar bith go bpróiseálfaí a sonraí pearsanta leis an gcóras TCI, trína n-íomhá a thaifeadadh, le linn dóibh a bheith sa chlinic. 

Mar gheall ar an srian deonach a chuir an clinic liachta leis na ceamaraí TCI ionas nach n-oibreodh siad ach amháin lasmuigh d’uaireanta gnó, rinne an Coimisiún caidreamh leis an gclinic liachta chun moltaí agus treoir a thabhairt dó maidir le húsáid TCI. De bhun an chaidrimh sin, mhéadaigh an clinic liachta méid agus líon na gcomharthaí lena gcuirtear baill foirne agus othair ar an eolas faoi úsáid TCI agus faoi mhionsonraí teagmhála an rialaitheora sonraí i gcomhlíonadh  a oibleagáidí.
 

Key Takeaway

  • Tá ríthábhacht ag baint le cothroime agus le trédhearcacht maidir le beartais chuí phríobháideachtaagus nósanna imeachta cuí príobháideachta a chur chun feidhme. Mar riail ghinearálta, ba cheart do dhaoine a bheith ar an eolas go bhfuil a sonraí pearsanta á bpróiseáil ag rialaitheoir sonraí.  
  • Bearta simplí trínar féidir gearáin den sórt seo a sheachaint is ea comharthaí cuí a chur in airde maidir le húsáid TCI agus a chinntiú go dtugtar cóip den bheartas reatha TCI do bhaill foirne.