Cás-Staidéir CCTV

 

TCI Baile

Le linn na bliana 2024, fuair an Coimisiún 157 ngearán ó dhaoine aonair maidir le feistí taifeadta a úsáid, mar shampla córais TCI baile agus cloigíní dorais cliste a bheith á n-úsáid ag daoine aonair príobháideacha chun a dteach agus a réadmhaoin a chosaint.  

Le linn dó gearáin den sórt sin a scrúdú, féachann an Coimisiún ar cé acu a thagann nó nach dtagann an phróiseáil sonraí pearsanta a dhéantar leis na feistí sin faoi raon feidhme RGCS. Is amhlaidh atá mar gheall ar an díolúine tís atá ann faoi Airteagal 2(2)(c) RGCS, rud a bhfuil feidhm aige i gcás go bpróiseálann duine nádúrtha sonraí pearsanta agus nach ndéanann sé/sí amhlaidh ach amháin le linn gníomhaíocht phearsanta nó tís.  Ó thaobh TCI agus cloigíní dorais cliste de, ciallaíonn sé sin gur dóigh go mbeidh feidhm ag an díolúine tís i bhformhór na gcásanna fad a ghabhtar na híomhánna laistigh de theorainn theach an duine aonair agus nach n-úsáidtear iad ach amháin chun críocha pearsanta. Mar sin féin, i gcás go n-oibrítear feiste chun íomhánna a ghabháil de dhaoine lasmuigh de theorainn an tí (i spásanna poiblí nó i réadmhaoin chomharsanach), níl daoine aonair in ann leas a bhaint as an díolúine tís a thuilleadh. Sna himthosca sin, ní mór don oibritheoir ceamara athrú a dhéanamh ar an dóigh a ngabhtar íomhánna leis an bhfeiste chun na híomhánna a theorannú d’áiteanna laistigh dá réadmhaoin féin agus do na háiteanna sin amháin nó ní mór dó/di an dlí cosanta sonraí agus na hoibleagáidí atá air/uirthi mar rialaitheoir sonraí a chomhlíonadh.

Ceann amháin de na gearáin ar scrúdaigh an Coimisiún iad sa bhliain 2024 ba ea gearán ó dhuine aonair á líomhain go raibh a chomharsa ag baint úsáid as an gcóras TCI ar fad, agus roinnt ceamaraí éagsúla i gceist leis, chun a shonraí pearsanta a ghabháil. Rinne an Coimisiún teagmháil leis an oibritheoir ceamara ansin, a sholáthair píosaí scannáin ón gcóras TCI dó. Le linn na píosaí scannáin a soláthraíodh don Choimisiún a scrúdú, tugadh faoi deara go raibh roinnt de na ceamaraí á n-úsáid chun limistéir lasmuigh de theorainn theach an oibritheora féin a ghabháil agus gur bhréagcheamaraí iad na ceamaraí eile.  Rinne an Coimisiún caidreamh leis an oibritheoir chun na feistí ábhartha a chur i gcomhréir leis an díolúine tís. 

Bhí an gearánach sa chás seo fós míshásta, agus d’iarr sé mionsonraí breise faoi na ceamaraí ar an gCoimisiún. D’inis an Coimisiún don duine aonair ansin nach bhféadfadh sé aon fhaisnéis eile a thabhairt fad a bhí na ceamaraí á n-oibriú laistigh de pharaiméadair na díolúine tís agus/nó fad a bhí siad ina mbréagcheamaraí.
Is féidir tuilleadh faisnéise faoi TCI baile a aimsiú ag:

Key Takeaway

  • Má tá córas TCI baile á oibriú agat, ba cheart duit a chinntiú nach bhfuil tú ag gabháil aon chosán poiblí ná aon bhóthar poiblí. Níor cheart do cheamaraí a bheith in ann amharc ar thithe ná gairdíní comharsan in aon imthosca.
  • Má tá feidhm ag an díolúine tís maidir le ceamaraí TCI baile a oibriú, ní mheastar gur rialaitheoirí sonraí iad na hoibritheoirí chun críocha RGCS. Dá réir sin, níl aon ról le himirt ag an gCoimisiún in imthosca den sórt sin. I gcás go bhfuil ábhair imní acu faoi chóras TCI a gcomharsan, molann an Coimisiún do dhaoine aonair dul i dteagmháil go díreach leis  an gcomharsa féin ar dtús,  ionas gur féidir teacht ar  réiteach sásúil.  
  • Mar gheall ar chineál na gcóras TCI baile, agus mar gheall ar an leas a d’fhéadfaí a bhaint as na forálacha de RGCS agus as aon díolúintí faoin dlí cosanta sonraí ina leith, ceanglaítear ar an gCoimisiún aird a thabhairt ar imthosca ar leith gach cáis aonair a láimhseálann sé.
  • I gcás go bhfuil córas TCI  baile á oibriú i gcomhréir leis  an díolúine tís, ní nochtfaidh an Coimisiún mionsonraí an chórais sin d’aon ghearánach, toisc nach gcuirfí RGCS i bhfeidhm i gcás den sórt sin agus go bhféadfadh aon nochtadh den sórt sin slándáil an oibritheora TCI baile a chur i mbaol.