Cás-Staidéir CCTV
Mainneachtain freagra a thabhairt ar iarraidh ar phíosaí scannáin TCI
Fuair an Coimisiún gearán ó dhuine aonair a rinne iarraidh rochtana chuig cuideachta iompair. D’iarr an duine aonair cóip de phíosaí scannáin TCI de thimpiste a bhí aige le ceann amháin de bhusanna na cuideachta iompair. Ní bhfuair an duine aonair aon fhreagra ar an iarraidh sin.
Rinne an Coimisiún teagmháil leis an Oifigeach Cosanta Sonraí don chuideachta iompair, agus chuir sé é ar an eolas faoin ngearán.
Mheabhraigh an Coimisiún don chuideachta iompair na hoibleagáidí atá air faoi RGCS, agus a haird á tarraingt ar Airteagal 12(3) RGCS, ina sonraítear go bhfuil oibleagáid ar eagraíochtaí freagra a thabhairt ar iarraidh ar rochtain d’ábhar sonraí ó dhuine aonair laistigh den chreat ama reachtúil. Mar chuid den chaidreamh, leag an Coimisiún amlíne síos inar ghá don chuideachta iompair freagra a thabhairt don duine aonair agus cóip de na píosaí scannáin TCI a sholáthar dó. Chomhlíon an chuideachta iompair an t-ordú ón gCoimisiún, agus dheimhnigh an duine aonair go bhfuair sé na sonraí pearsanta a iarradh.