Cás-Staidéir CCTV
Gearán maidir le próiseáil chothrom a bhain le TCI san áit oibre
Tharraing duine aonair ábhar imní anuas lena fhostóir sa tionscal scéimhe faoi líon ceamaraí teilifíse ciorcaid iata (TCI) san áit oibre a chreid sé a bheith iomarcach. Luaigh an duine nár cuireadh in iúl dó riamh go raibh na ceamaraí á suiteáil agus go raibh imní air go raibh taifeadtaí fuaime agus taifeadtaí físe araon á ndéanamh ag na ceamaraí. Chuir an eagraíocht in iúl don duine aonair gur ar mhaithe le sábháilteacht na foirne a suiteáladh na ceamaraí agus nár taifeadadh aon fhuaim riamh.
Chuir an duine aonair gearán faoi bhráid an Choimisiúin um Chosaint Sonraí toisc go raibh sé míshásta leis an bhfreagra a fuarthas ón eagraíocht. Mar chuid den scrúdú uaidh, chuir an Coimisiún ceist ar an eagraíocht faoi na taifeadtaí fuaime líomhnaithe a taifeadadh leis na ceamaraí TCI. Dheimhnigh an eagraíocht nár taifeadadh aon fhuaim agus thug sí don Choimisiún litir ó sholáthraí an chórais TCI inar deimhníodh tuilleadh nár taifeadadh aon fhuaim leis na ceamaraí toisc nach raibh aon chumas taifeadadh fuaime acu.
Chuir an eagraíocht in iúl don Choimisiún gur shuiteáil sí na ceamaraí ar dtús tar éis sraith fadhbanna slándála, lenar áiríodh teagmhais ghadaíochta. Luaigh sí freisin, áfach, gur ar mhaithe le sábháilteacht na mball foirne agus iad ag obair ina n-aonar a suiteáladh na ceamaraí. Cé gur mhaígh an duine aonair nach raibh sé ar an eolas gur suiteáladh na ceamaraí, luaigh an eagraíocht go raibh na ceamaraí ann le trí bliana sula ndearna an duine aonair gearán leis an gCoimisiún agus gur chuir an duine aonair oiliúint ar an bhfoireann ina leith.
Luaigh an eagraíocht go raibh roinnt bunús dleathach aici le sonraí a phróiseáil ar an mbealach sin, lenar áiríodh Airteagal 6(1)(d) den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (“RGCS”), á rá go bhfuil na ceamaraí ag teastáil chun leasanna ríthábhachtacha a foirne a chosaint. Sonraítear in Airteagal 6(1)(d) RGCS go mbeidh próiseáil sonraí pearsanta dleathach más rud é “[gur] gá an phróiseáil a dhéanamh chun leasanna ríthábhachtacha an ábhair sonraí nó duine nádúrtha eile a chosaint”. Luaigh sí Airteagal 6(1)(f) RGCS freisin, ina sonraítear go mbeidh próiseáil dleathach más rud é “[gur] gá an phróiseáil a dhéanamh chun críocha na leasanna dlisteanacha atá á saothrú ag an rialaitheoir...” toisc go bhfuil leas dlisteanach ag an eagraíocht i slándáil na háite oibre, i sábháilteacht na foirne agus sa choireacht a chosc.
Chuir an Coimisiún in iúl don eagraíocht nach bhféadann sí dul i muinín Airteagal 6(1)(d) RGCS mar bhunús dleathach le ceamaraí TCI a úsáid san áit oibre. Dheimhnigh an eagraíocht gurbh amhlaidh, ar aon dul le hAirteagal 6(1)(f) RGCS, a sheol sí tástáil cothromaithe leasanna dlisteanacha roimh shuiteáil na gceamaraí TCI. Luaigh an eagraíocht freisin go bhfuil an phróiseáil teoranta dá bhfuil riachtanach, á lua gur gá í a dhéanamh chun críocha sábháilteachta. Luaigh sí go gcoinnítear na píosaí scannáin ar feadh tréimhse 20 lá agus go dtaifeadtar píosaí scannáin nua ina n-áit ansin. Luaigh an eagraíocht nach bhfuil rochtain ar na píosaí scannáin, atá cosanta ag pasfhocal, ach amháin ag an lucht bainistíochta.
Ag teacht sna sála ar an scrúdú uaidh ar an ngearán, chinn an Coimisiún gur thaispeáin an eagraíocht bunús dleathach bailí le sonraí pearsanta a phróiseáil trí cheamaraí TCI a úsáid faoi Airteagal 6(1)(f) RGCS.