Cás-Staidéir Cruinneas

 

Sonraí pearsanta a cheartú

D’eitil duine aonair le haerlíne chuig ceann scríbe san Eoraip. Cailleadh bagáiste an duine aonair agus é ag tógáil na heitilte fillte. Tar éis dó an tsaincheist a thuairisciú ag an aerfort, fuair sé duillín ‘bagáiste ar iarraidh’ ar a raibh ainm duine aonair eile ach ar a raibh mionsonraí cearta faoin mbagáiste a bhí ar iarraidh.

Chuir an duine aonair a ábhair imní in iúl go pras don aerlíne, agus é ag iarraidh teacht ar réiteach chun a chinntiú go ndéanfaí a bhagáiste a rianú agus a shainaithint i gceart. Beag beann ar iarrachtaí an chustaiméara, áfach, ní raibh an aerlíne in ann an tsaincheist a réiteach go sásúil, agus dhiúltaigh sí ticéad nua a eisiúint chun an t-ainm ceart a léiriú ar an duillín bagáiste. Mar thoradh air sin, chinn an duine aonair an ní a ghéarú a thuilleadh trí ghearán a chomhdú leis  an gCoimisiún.

Mar fhreagra air sin, rinne an Coimisiún idirchaidreamh le hOifigeach Cosanta Sonraí na haerlíne chun an taifeadadh mícheart sonraí pearsanta a phlé. Leag an Coimisiún béim ar a thábhachtaí atá láimhseáil sonraí cruinne agus ar na himpleachtaí a bhíonn ag earráidí sonraí ar eispéiris an chustaiméara. Tríd an idirghabháil sin, d’oibrigh an tOifigeach Cosanta Sonraí go tapa chun an scéal a chur ina cheart, á chinntiú go bhfuair an duine aonair duillín nuashonraithe bagáiste ar a raibh an t-ainm ceart.

Bhí an duillín nuashonraithe sin ríthábhachtach don duine aonair seo toisc gur chuir sé ar a chumas éileamh a chomhdú lena sholáthraí árachais i leith an bhagáiste chaillte. Léirítear sa chás seo an tábhacht a bhaineann le cleachtais éifeachtacha bhainistíochta sonraí, agus is féidir é a úsáid chun a mheabhrú d’eagraíochtaí tús áite a thabhairt do choimeád taifead cruinn agus do sheirbhís fhreagrúil do chustaiméirí, go háirithe i gcora a bhaineann le giuirléidí pearsanta.

Key Takeaway

  • Léirítear sa chás seo an dóigh ar féidir le míchruinnis sonraí pearsanta a bheith ina gcúis le míshástacht shuntasach do chustaiméirí, rud a spreagann dóibh gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún ansin. Léirítear go soiléir ann freisin an ról atá ag údaráis cosanta sonraí maidir le cabhrú le teacht ar réiteach ar bhealach tapa, mar aon leis an nasc a bhíonn ann go minic idir fadhbanna seirbhíse do chustaiméirí agus gearáin cosanta sonraí a dhéanamh leis an gCoimisiún.