Cás-Staidéir Cruinneas

 

Réiteach Cairdiúil — Cruthúnas Aitheantais agus Íoslaghdú Sonraí

Fuair an DPC gearán, trí Údarás Cosanta Sonraí Bheirlín, ó dhuine aonair maidir le hiarratas a rinne sé le rialaitheoir sonraí chun athrú a dhéanamh leis an seoladh ríomhphoist a bhain lena chuntas custaiméara. Rinne an gearánach an iarratas tríd an fheidhm comhrá ar líne de chuid an rialaitheora sonraí agus cuireadh in iúl dó ina dhiaidh sin go mbeadh cóip de cháipéis aitheantais ag teastáil chun úinéireacht an chuntais a fhíordheimhniú sular bhféadfaí leanúint leis an iarratas. Dhiúltaigh an gearánach an t-eolas seo a chur ar fáil agus mar sin níor lean an rialaitheoir sonraí lena iarratas ag an am sin.

Tar éis dó an gearán a fháil, chuaigh an DPC i ngleic leis an rialaitheoir sonraí agus i rith na teagmhála sin fuarthas nach dteastaíonn an rialaitheoir sonraí ó dhaoine aonair cáipéis aitheantais a chur ar fáil chun athrú a dhéanamh leis an seoladh ríomhphoist a bhaineann le cuntas .

Chomh maith leis seo, bhain an gníomhaire um sheirbhís do chustaiméirí úsáid as gnás oibriúcháin mícheart nuair a fhreagair sé iarratas an ghearánaí . De réir gnáthnós imeachta an rialaitheora sonraí, ba cheart do ghníomhairí um sheirbhís do chustaiméirí cur in iúl do chustaiméirí gur féidir leo a sheoladh ríomhphoist a athrú trí shíniú isteach ina chuntas féin agus an athrú a dhéanamh go díreach ar an leathanach socruithe ‘Cuntas’ . Dúirt an rialaitheoir sonraí chomh maith gur i gcás nach féidir nó nach mian le custaiméir a sheoladh ríomhphoist a athrú leis féin, tugann a nós imeachta treoir do ghníomhairí um sheirbhís do chustaiméirí iarraidh ar an gcustaiméir eolas teoranta, a bhfuil á choinneáil ag an rialatheoir sonraí cheana féin, a chur ar fáil chun an sealbhóir cuntais a fhíordheimhniú .

De bharr an ghearáin, thoiligh an rialaitheoir sonraí treoir shoiléir a thabhairt maidir le conas a bhféadfadh an gearánach athrú a dhéanamh leis an seoladh ríomhphoist a bhain lena eolas cuntais gan tuilleadh sonraí pearsanta a chur ar fáil . Chomh maith leis seo, rinne an rialaitheoir sonraí athbhreithniú cuimsitheach ar a chórais um sheirbhís do chustaiméirí agus chur sé oiliúint athnuachana ar fáil dá ghníomhairí uilig maidir leis na gnáthnósanna imeachta gur cheart dóibh a úsáid i gcásanna dá leithéid .

Chuaigh an DPC i ngleic leis an ngearánach ansin, trí Údarás Cosanta Sonraí Bheirlín, chun an t-eolas a fuair sé ón rialaitheoir sonraí a chur ar fáil le réiteach cairdiúil a iarraidh ar an ngearán . Thug an gearánach deimhniú don DPC ansin gur éirigh leis athrú a dhéanamh leis an seoladh ríomhphoist ar a chuntas leis an rialaitheoir sonraí .

Léiríonn an cás-staidéar seo na buntáistí atá ann do rialai- theoirí sonraí agus do ghearánaigh má ghlacann siad páirt sa phróiseas réiteach cairdiúil ar bhealach dáiríre . Sa chás seo, cé go ndearna an rialaitheoir sonraí gníomhartha dearfacha, ar nós eolas mionsonraithe a chur ar fáil don ghearánaí faoi conas athrú a dhéanamh leis an seoladh ríomhphoist a bhain lena chuntas, bhí toradh maith don dá páirtí .