Cás-Staidéir Cruinneas

 

Iarraidh maidir leis an gceart go ndéanfaí ceartúcháin chuig Cúram Sláinte

Fuaireamar gearán i gcoinne An Cúram Sláinte, mar gheall gur dhiúltaigh sé iarraidh maidir leis an gceart go ndéanfaí ceartúcháin faoi Airteagal 16 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí. Líomhain an gearánach go raibh a ainm á litriú go mícheart ar a ríomhchóras trí bhíthin an síneadh fada, aiceann atá mar chuid de theanga scríofa na Gaeilge, a fhágáil ar lár.

Baineann ospidéil Saolta úsáid as grúpa riaracháin othar chun sonraí othar a thaifeadadh den chéad uair, sonraí a roinntear le córais eile níos faide amach i gcúram na hothar, i .e . Saotharlann, Raideolaíocht agus Cairdeo- laíocht . Chuir Saolta in iúl don ghearánach nach féidir an síneadh fada a thaifeadadh mar gheall go ndéantar carachtair chomhréire a thaifeadadh mar orduithe ar an grúpa riaracháin othar, rud a imríonn tionchar ar an tslí a ndéantar sonraí a stóráil agus a phróiseáil .

Mar chuid dá scrúdú, chuaigh an DPC i mbun caidrimh le Saolta . Chuir Saolta in iúl don DPC go bhfuil an grúpa riaracháin othar le hathsholáthar in 2019/2020 . Ní cheadóidh córas nua Saolta don síneadh fada a úsáid, áfach . Chuir Saolta in iúl don DPC gurbh amhlaidh sin chun críocha aon phointe teagmhála sruthlínithe amháin le haghaidh faisnéis faoi othair a chur ar bun ar feadh chórais éagsúla . Chuirfeadh sin ar chumas gairmithe rochtain a dhéanamh ar an bhfaisnéis sin

laistigh d’ospidéal nó de ghrúpa ospidéal gan na sonraí a ath-iontráil tráth níos déanaí, lena seachnófaí an seans go ndéanfaí earráidí níos déanaí . Ní thacaíonn na córais eile ar feadh líonra reatha Saolta agus/nó an líonra ospidéal níos leithne le húsáid an tsínte fhada . Chuir Saolta in iúl don DPC freisin go ndéanann siad othair a shainaithint le hUimhreacha Aitheantais Othar seachas le hainmneacha ar leithligh .

Rinneadh an tAonad Ceannaireachta Teicneolaíochta (“TLU”) sa DPC scrúdú ar an aighneacht sin ó Shaolta . Mheas TLU go mbeadh costais shuntasacha agus go leor ama i gceist le nuashonrú ar bith a dhéanamh ar an ríomhchóras, chomh maith le hearráidí ó thaobh stórála agus meaitseála taifead de . Chuaigh an DPC i dteagmháil leis an gCoimisinéir Teanga freisin maidir leis an gcomhairle a thugann sé d’eagraíochtaí san earnáil phoiblí i ndáil le ríomhchórais a bheith ag tacú leis an síneadh fada. Thug An Coimisinéir Teanga le fios nach n-eascraíonn ceanglas den sórt sin as Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, ach go bhféadfaidh ceanglas den sórt sin eascairt as scéim teanga — comhaontú a dhéantar idir comhlacht poiblí agus an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta .

D’fhiafraigh an DPC de Shaolta an raibh scéim teanga acu agus tugadh cóip de Scéim Teanga HSE do Limistéar an Iarthair 2003-2007 (“scéim teanga HSE”). Leagtar amach sa scéim sin meas ar roghanna na n-othar maidir le hainmneacha, seoltaí agus a rogha teanga . Tugtar gealltanas sa scéim freisin na ríomhchórais a nuashonrú go mbeidh siad “in oiriúint d’fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla”. Ní thugtar creat ama i scéim teanga HSE chun an gealltanas sin a chomhlíonadh.

Chuir Saolta in iúl don DPC go bhfuil siad tiomanta do shábháilteacht othar mar ábhar imní príomha agus lárnach . Ar an gcúis sin, chuir Saolta na deacrachtaí a bhainfeadh le faisnéis a stóráil agus a roinnt le córais eile dá ndéanfadh siad nuashonrú ar a gcóras chun úsáid an tsínte fhada a cheadú in iúl don DPC . Chuir Saolta in iúl go ndéanfaidh siad tástáil ar an bhféidearthacht maidir leis an síneadh fada a úsáid i nuashonrú ar bith a dhéanfar ar a ríomhchóras .

Rinne an DPC tagairt d’Airteagal 16 agus d’Airteagal 5(1) (d) den GDPR agus scrúdú á dhéanamh ar an ngearán seo . Sa dá airteagal sin, leagtar amach cearta ábhair sonraí maidir le “cuspóirí na próiseála” . Ní ceart glan é an ceart go ndéanfaí ceartúcháin faoi Airteagal 16 den GDPR . Tá ceanglas ar rialaitheoirí sonraí céimeanna réasúnta a ghlacadh sna himthosca . Rinne an DPC tagairt do chásdlí ón gCúirt Eorpach um Chearta an Duine maidir le cearta teanga agus/nó ainmniúchán . Léirítear sa chásdlí sin go dtagann litriú ainmneacha faoi choimirce Airteagal 8 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine, ach go mbíonn cur chuige sriantach ag an gCúirt maidir leis sin . Mar sin, luaigh an DPC arís gurbh é cuspóir na próiseála in imthosca an ghearáin, cúram sláinte a thabhairt don ghearánach agus go raibh Uimhreacha Aitheantais Othar i gceist . Níorbh ionann ainm an ghearánaigh agus an t-aon bhealach chun é a shainaithint agus dá bharr sin, go raibh cuspóir na próiseála á baint amach gach marcanna idird- healaitheacha a úsáid .

Chuir an DPC aon bhaol don ghearánach san áireamh agus iad ag diúltú don iarraidh faoi Airteagal 16 freisin . Thug an DPC ar aird go méadófaí an baol don ghearánach mar gheall ar na deacrachtaí a bhain le láimhseáil an tsínte fhada thar chórais éagsúla . Thug siad aird freisin ar an tionchar a bheadh aige sin ar aon chinnteoireacht ó thaobh cúraim sláinte don ábhar sonraí . Sna himthosca sin, ní chuirfí isteach ar chearta bunúsacha an ábhair sonraí mar thoradh ar gan an síneadh fada a úsáid . Faoi alt 109(5) (f) den Acht um Chosaint Sonraí 2018 (“an tAcht”), d’iarr an DPC ar Shaolta a ghníomhartha a chur in iúl don ghearánach maidir le cur i bhfeidhm ríomhchóras a raibh in ann an síneadh fada a léiriú . Chomh maith leis sin, d’iarr an DPC ar Shaolta aguisín a chur le comhad an ábhair sonraí lena taispeáint go bhfuil an síneadh fada mar chuid d’ainm an ábhair sonraí .

Chuir an DPC, faoi alt 109(5)(c) den Acht, in iúl don ghearánach go bhféadfaidh sé teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisinéir Teanga faoin scéim teanga agus faoi shárú ar bith ina leith .