Cás-Staidéir Cruinneas
Faisnéis mhíchruinn á coinneáil ar chóras baincéireachta
Sa chás seo, bhí morgáiste ar mhaoin ag an ngearánach chomh maith le duine aonair eile. D’fhág an gearánach agus an duine aonair eile an mhaoin bhunaidh agus d’aistrigh an bheirt acu go seoltaí ar leith. In ainneoin gurbh eol don bhanc é sin, sheol banc an ghearánaigh comhfhreagras a bhain le morgáiste an ghearánaigh chuig seanseoladh an ghearánaigh, áit ar oscail na tionóntaí in situ é.
Mar fhreagra, luaigh banc an ghearánaigh gur tógadh córas morgáiste an bhainc ar an mbunús go mbeadh seoladh comhfhreagrais amháin ann agus, i gcásanna nach raibh seoladh comhfhreagrais amháin aontaithe a thuilleadh ag comhpháirtithe an mhorgáiste, gurb éigean é sin a bhainistiú de láimh, lasmuigh den chóras, agus gur eascair earráidí uaidh sin uaireanta . Ba léir gurb é banc an ghearánaigh an rialaitheoir sonraí chun críocha an ghearáin, de bhrí gur rialaigh an banc sonraí pearsanta an ghearánaigh chun morgáiste an ghearánaigh a bhainistiú . Is éard a bhí sna sonraí atá faoi thrácht (i measc nithe eile) ná faisnéis airgeadais i dtaca le morgáiste an ghearánaigh leis an rialaitheoir sonraí . Sonraí pearsanta a bhí sna sonraí de bharr gur bhain siad leis an ngearánach mar dhuine aonair agus de bharr go bhféadfaí an gearánach a aithint astu .
Sa reachtaíocht Cosanta Sonraí, GDPR san áireamh, leagtar amach prionsabail shoiléire dlí nach mór do rialai- theoirí sonraí cloí leo nuair atá sonraí pearsanta duine á bpróiseáil acu . I gcás an éilimh seo, baineann ábharthacht ar leith leis an oibleagáid go gcinnteofaí go bhfuil na sonraí cruinn agus á gcoinneáil suas chun dáta nuair is gá mar aon leis an oibleagáid go mbeadh bearta cuí slándála i bhfeidhm chun sonraí pearsanta a chosaint . Agus na prionsabail sin á gcur i bhfeidhm ar fhíricí an ghearáin seo, trí sheoladh as dáta a choimeád le haghaidh an ghearánaigh agus trí chomhfhreagras don ghearánach a sheoladh chuig an seoladh sin, mhainnigh an rialaitheoir sonraí sonraí pearsanta an ghearánaigh a choinneáil suas chun dáta (Airteagal 5(1)(d)) . Chomh maith leis sin, i bhfianaise na bpíosaí iomadúla comhfhreagrais a seoladh chuig an seoladh mícheart, mhainnigh bearta slándála an rialaitheora sonraí sonraí an ghearánaigh a chosaint mar is cuí (Airteagal 5(1)(f)) . Tá an oibleagáid bearta iomchuí a chur i bhfeidhm faoi Airteagal 5(1)(f) le léiriú i gcomhréir le hAirteagal 32 den GDPR, a leagann ceisteanna amac nach mór don rialaitheoir sonraí a chur san áireamh nuair a bheifear ag deimhniú an bhfuil bearta cuí slándála i bhfeidhm .